Skip to main content

Brat Oifigeach i gCeannas na Seirbhíse Chabhlaigh

BRAT OIFIGEACH I GCEANNAS NA SEIRBHÍSE CABHLAIGH

Ar an 26 Nollaig 2017 An Ceannasaí Malone, ardú céime chuig a chéim reatha agus ceapadh é ina Bhratoifigeach i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh (FOCNS).

I 1981 a chuaigh an Ceannasaí Micheál Malone isteach i Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann ina dhalta Innealtóireachta Muirí agus coimisiúnaíodh ina Oifigeach é i 1983. Bhain sé céim san Innealtóireacht Muirí agus Gléasra amach i gColáiste Teicniúil Réigiúnach Chorcaí i mBealtaine 1985 agus bhain sé céim amach ar an gCúrsa Feidhmithe san Innealtóireacht Muirí i gColáiste Innealtóireachta an Chabhlaigh Ríoga i Plymouth na Ríochta Aontaithe i mí na Nollag 1986.

Tá MA bainte amach aige i Staidéar Cinnireachta, Bainistíochta agus Cosanta ó Ollscoil na hÉireann Má Nuad agus is céimí é de chuid Chúrsa Ceannais agus Foirne Sinsearaí Óglaigh na hÉireann. Chaith sé seal ag staidéar i Longchlós an Chabhlaigh i Pearl Harbour áit ar chríochnaigh sé Cúrsa do Bhainisteoirí Longchlós Idirnáisiúnta.

Is iomaí ceapachán éagsúil a bhí aige ar muir agus ar tír le 36 bliana anuas. Nuair a bhí sé ina Chaptaen, ceapadh ina Oifigeach i gCeannas ar Cheannasaíocht Tacaíochta an Chabhlaigh é agus é freagrach as gach feidhm AR, lóistíochta, leictreonaice agus innealtóireachta sa tSeirbhís Chabhlaigh.

Ba é an Ceannasaí Malone an Bainisteoir Cláir maidir le dearadh agus tógáil Árthaí Patróil Eischósta P60 Chabhlach na hÉireann (OPVanna). Faoin gclár sin, seachadadh ceithre árthach OPV 90 méadar chuig an tSeirbhís Chabhlaigh idir 2015 agus 2018.

Is innealtóir cairte freisin é agus is Comhalta de chuid Institiúid Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hInnealtóireachta Muirí (FIMarEST), Ball d'Institiúid na nInnealtóirí Dóiteáin (MI Fire E) agus Comhalta d'Institiúid Innealtóirí na hÉireann (FIEI), Comhalta de Chumann na nInnealtóirí Fuinnimh (U.S.) agus is Bainisteoir Fuinnimh Deimhnithe (CEM) freisin é.

Tá sé pósta le Mary agus tá ceathrar clainne fásta acu. Is maith leis leadóg a imirt nuair a bhíonn an t-am aige.