Skip to main content

Rannóg Tumadóireachta

Tá Rannóg Tumadóireachta na Seirbhíse Cabhlaigh (NSDS) bunaithe ó dheireadh na 1960idí. Ó thús beag mar fhoireann inmheánach tumadóireachta do longa na cabhlaigh, tá sé forbartha anois ina phríomhfhoireann tumadóireachta ag an Stát, ag déanamh cuid mhór tascanna éagsúla do roinnt Gníomhaireachtaí Stáit.

Bronnadh Bonn Seirbhíse Dearscna ar dhá chomhalta den Rannóg le linn dóibh a bheith ar fhoireann an L.É. Aisling as an bpáirt a bhí acu san oibríocht chuardaigh agus aisghabhála tar éis tubaist Air India, agus tá gradaim faighte ag an rannóg freisin ó chomhlachtaí éagsúla Stáit as an tseirbhís atá curtha ar fáil aici.

Chomh maith le deis aeir-thumadóireachta a bheith acu chun dul síos caoga méadar san uisce, tá trealamh cuardaigh faoi uisce ar fáil ag an NSDS agus áirithe leis sin tá Feithicil Chianrialaithe (ROV), Sonóir Taobhscanta agus Maighnéadaiméadar.

Tugann sin deis don Rannóg cuardach agus suirbhéireacht a dhéanamh ag doimhne i bhfad níos mó ná mar a bheadh na tumadoirí in ann a dhéanamh. Go deimhin, tá an ROV in ann dul chomh domhain le 1000 méadar. Tugann an fearas cuardaigh seo deis don tSeirbhís Chabhlaigh oibríochtaí cuardaigh agus téarnaimh a dhéanamh in uisce domhain ina mbeadh srian mór nó cosc iomlán ar thumadóireacht.

Seo a leanas na príomhróil atá ag an NSDS:

  • Cuardach agus Aisghabháil
  • Suirbhé faoi Uisce
  • Diúscairt Ordanáis Phléascaigh
  • Innealtóireacht faoi uisce
  • Traenáil Tumadóireachta Míleata

Cuardach agus Aisghabháil

Seo an príomhról seachtrach atá ag an Rannóg. Chomh maith le bheith ag tumadóireacht chun tacú le hoibríochtaí na Seirbhíse Cabhlaigh, is minic a iarrtar ar an NSDS cuidiú leis an gCumhacht agus leis an íšdarás Sibhialta. Bíonn na tumadoirí páirteach i 15 chuardach in aghaidh na bliana ar meán agus iad sa tóir ar dhaoine a bhíonn ar iarraidh. Is féidir leis na cásanna tragóideacha seo leanúint ar aghaidh ar feadh coicíse san am, agus cé nach féidir aon rud a gheallúint éiríonn go maith leis an Rannóg i gcuid mhór de na hoibríochtaí seo.

Sa chomhrac leanúnach in aghaidh iompórtáil drugaí, is iomaí cuardach faoi uisce déanta ag an NSDS ar árthaí a thagann isteach go dtí calafoirt na hÉireann.

Bíonn na nithe seo a leanas i gceist le hoibríochtaí Cuardaigh agus Aisghabhála:

Cuardach :

  • Ar dhaoine a bhíonn ar iarraidh
  • Ar nithe ar ghrinneall na farraige
  • Fianaise a aisghabháil do na Gardaí
  • Cuardach faoi uisce don tSeirbhís Chustaim ar árthaí a bhfuiltear san amhras fúthu;
  • Cuardach agus aisghabháil don tSeirbhís Dóiteáin ar fheithiclí a bhíonn san uisce;
  • Cuardach do Roinn na Mara ar árthaí nó daoine a bhíonn ar iarraidh agus imscrúdú ar árthaí a bhíonn imithe go tóin poill.

Suirbhé faoi Uisce

Tá sé ar chumas an NSDS cuardach agus suirbhé a dhéanamh ar nithe a bhíonn san uisce agus ar ghrinneall na farraige. Tá réimse de cheamaraí agus de threalamh taifeadta ar fáil ag an Rannóg chun sin a dhéanamh. Is féidir an ROV, an Sonóir Taobhscanta agus an Maighnéadaiméadar a úsáid in éineacht le tumadoirí chun pictiúr soiléir a thabhairt den ábhar a bhíonn ar ghrinneall na farraige.

  • Cothabháil faoi uisce ar loingeas an Chabhlaigh
  • Suirbhé a dhéanamh ar árthaí stairiúla briste nó ar limistéir shuntasacha thar cheann an Stáit Roinn na Mara

Diúscairt Ordanáis Phléascaigh

Tá an NSDS traenáilte chun ordanáis a dhiúscairt ar muir. Cuidíonn an Rannóg le Rannóg Ordanáise an Airm san obair sin. Fós féin, faightear mianaigh ón Dara Cogadh Domhanda, lánáin dhoimhneachta, piriteicnic agus armáin faoin uisce gach bliain. Is féidir iad sin a fháil i bhfearais iascaigh nó d’fhéadfadh earraí beaga a theacht i dtír leis an taoille.

D’fhéadfadh na nithe sin a bheith ag breathnú an-difriúil ó na nithe a fheiceann an pobal i scannáin faoin Dara Cogadh Domhanda, agus is earraí iontach dainséarach iad má láimhsítear mícheart iad. Ní mór iad a dhiúscairt, mar go bhfuil siad fós contúirteach don phobal. Tá tumadoirí an chabhlaigh traenáilte chun na nithe sin a aithint agus a dhiúscairt.

Iarrtar ar bhaill an phobail aon ní amhrasach a fheictear le cósta a thuairisciú do na húdaráis chuí.

Innealtóireacht faoi Uisce

Tá trealamh ag an rannóg chun cuidiú le tascanna innealtóireachta faoi uisce, ar nós gearradh, táthú, boltáil agus glanadh. Tá traenáil ar chaighdeán idirnáisiúnta ar na tumadoirí i dtaca le sábháilteacht agus láimhseáil an trealaimh sin.

Tá cuid mhór málaí ardaithe aeir ag an Rannóg, agus nuair a chuirtear iad sin ag obair le chéile bíonn siad in ann suas go dtí 12 thona meáchain a aistriú nó a ardú ó ghrinneall na farraige. Tugann sin deis don Rannóg earraí troma a aisghabháil ón doimhin. Tá an ROV in ann cuidiú leis na tumadoirí chun an tasc sin a chur i gcrích.

Traenáil Tumadóireachta Míleata

Is é an NSDS an t-aon fhoras traenála do thumadóireacht mhíleata atá ag Óglaigh na hÉireann. Tá Seomra Díbhrúcháin (RCC) ag an Rannóg chun cuidiú leo sa tasc sin. Chomh maith le traenáil a thabhairt do thumadóirí na Seirbhíse Cabhlaigh, tugann an Rannóg traenáil freisin do Sciathán Fiannóglaigh an Airm, i dteicnící tumadóireachta aeir agus comhraic.

Chun na cumais atá luaite thuas a bhaint amach, tugtar diantraenáil do thumadóirí an Chabhlaigh. Cé go gcuireann a lán daoine iarratas isteach ar an traenáil agus go gcuireann siad tús leis, is beag acu a chríochnaíonn an cúrsa chun cáiliú mar thumadóirí míleata. Maireann an cúrsa tumadóireachta 10 seachtainí agus glactar le daoine a thagann go deonach ón tSeirbhís Chabhlaigh agus gan aon taithí tumadóireachta acu, nó fíorbheagán de, agus traenáiltear iad le dul ag tumadóireacht le Gaireas Neamhspleách Análaithe Faoi Uisce (SCUBA) agus le Trealamh Tumadóireachta Soláthraithe ón Dromchla (SSDE). Tugtar traenáil do na tumadoirí i dteicnící cuardaigh ar ghrinneall na farraige agus orthu sin tá obair gan infheictheacht agus obair i dtaoille láidir.

Is iondúil go gcuireann thart ar thríocha duine isteach ar an gcúrsa ach ní éiríonn ach le ceathrar ar meán an traenáil a chríochnú. Nuair a bhíonn a dtraenáil críochnaithe acu tosaíonn na tumadoirí ag fáil taithí luachmhar as na tascanna éagsúla a iarrfar orthu a dhéanamh don Rannóg.

Chun fanacht cáilithe mar thumadóir nó mar mhaoirseoir, caithfidh na tumadoirí na critéir bhliantúla seo a leanas a bhaint amach:

  • Tástáil Ghinearálta Chorpacmhainne Óglaigh na hÉireann
  • Scrúdú Leighis Thumadóireachta
  • Tástáil Chorpacmhainne Tumadóra
  • Measúnacht ar Inniúlacht agus ar Eolas Reatha Trealaimh
  • Méid riachtanach ama a bheith caite le tumadóireacht nó le maoirseacht ar thascanna sonracha