Skip to main content

An tSeirbhí­s Chabhlaigh

Is í an tSeirbhís Chabhlaigh an phríomhghníomhaireacht mhuirí atá ag an Stát agus cúram ginearálta uirthi freastal ar riachtanais theagmhasachta agus fhíora na cosanta mara. Tá réimse de róil chosanta agus eile mar dhualgas uirthi.

An tSeirbhí­s Chabhlaigh

Is í an tSeirbhís Chabhlaigh an phríomhghníomhaireacht mhuirí atá ag an Stát agus cúram ginearálta uirthi freastal ar riachtanais theagmhasachta agus fhíora na cosanta mara. Tá réimse de róil chosanta agus eile mar dhualgas uirthi. Airithe ar na róil chosanta sin tá cosaint na bhfarraigí teorann, cosc a chur le bearta ionsáiteacha nó ionsaitheacha, faireachas a dhéanamh ar muir, láithreachas armtha cabhlaigh a choinneáil, ceart gluaiseachta a chinntiú, cosaint a thabhairt d’acmhainní mara agus cuidiú le himshuí más gá. Ní mór don tSeirbhís Chabhlaigh freisin a bheith ábalta cuidiú le hoibríochtaí Airm ar muir trí iompar farraige agus le dlúth-thacaíocht chabhlaigh a sholáthar.

Eagraíocht na Seirbhíse Cabhlaigh

Ceanncheathrú na Seirbhíse Cabhlaigh

Tá an Ceanncheathrú Cabhlaigh (NHQ) lonnaithe in éineacht leis na hOibríochtaí Cabhlaigh agus le Ceannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh ar Inis Sionnach i gCuan Chorcaí. As an NHQ a fheidhmíonn an Brat-oifigeach i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh (FOCNS) agus tá céim Ceannasóra ag an té sin.

Ceannasaíocht Oibríochtaí an Chabhlaigh

Tá dualgas ar Cheannasaíocht Oibríochtaí an Chabhlaigh stiúradh a dhéanamh ar oibríochtaí na Seirbhíse Cabhlaigh go hiomlán ar uisce agus ar tír, oibríochtaí longa na Seirbhíse Cabhlaigh san áireamh. An tOifigeach i gCeannas Cheannasaíocht na nOibríochtaí Cabhlaigh (OCNOC), ag tuairisciú don FOCNS, a bhíonn i gceannas na n-acmhainní oibríochta atá ag an tSeirbhís Chabhlaigh, ar uisce agus ar tír araon.

Ceannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh

Tá sé de dhualgas ar Cheannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh tacú leis an tSeirbhís Chabhlaigh ar uisce agus ar tír. An tOifigeach i gCeannas Cheannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh (OCNOC), ag tuairisciú don FOCNS, a bhíonn i gceannas an Phearsanra, na Lóistíochta agus na n-acmhainní tacaíochta Teicniúla sa Bhunáit Chabhlaigh, chun a chur ar chumas na Seirbhíse Cabhlaigh a dualgais Oibríochta agus Traenála a chur i gcrích.

Coláiste na Seirbhíse Cabhlaigh

Tá Coláiste na Seirbhíse Cabhlaigh freagrach as an traenáil ar gach pearsanra sa tSeirbhís Chabhlaigh. Tuairiscíonn Ceannasaí Choláiste na Seirbhíse Cabhlaigh go díreach don FOCNS faoi gach ní a bhaineann le traenáil na Seirbhíse Cabhlaigh.

Eolas faoin Seirbhís Chabalaigh

Is í an tSeirbhís Chabhlaigh comhpháirt mhuirí acmhainneachta Cosanta an Stáit agus is í an phríomhghníomhaireacht mhuirghabhála sa Stát.

BOC na Seirbhís Chabhlaigh

Bratoifigeach i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh (FOCNS) - An Ceannasaí Michael Malone

Ról na Seirbhí­s Chabhlaigh

Is í an tSeirbhís Chabhlaigh comhpháirt mhuirí acmhainneachta Cosanta an Stáit agus is í an phríomhghníomhaireacht mhuirghabhála sa Stát. Oibríonn an tSeirbhís Chabhlaigh i gcomhpháirt leis an Arm agus leis an Aerchór

Coláiste na Seirbhí­s Chabhlaigh

An phríomhaidhm atá ag Coláiste na Seirbhíse Cabhlaigh ná traenáil a chur ar phearsanra an chabhlaigh d’oibríochtaí éifeachtachta cabhlaigh ar mhaithe le cosaint an Stáit

Aonaid Speisialtóra

Tá roinnt aonad speisialta ag an tSeirbhís Chabhlaigh chun róil riachtanacha a chur i gcrích laistigh den tSeirbhís Chabhlaigh. Is minic a dhéantar tagairt do na róil speisialta sin sna meáin ach ní dhéantar riamh go díreach é.

An Loingeas

Áirithe sa loingeas tá Árthach Patróil Héileacaptair (HPV), Árthach Patróil Eischósta (OPV), Árthach Patróil Mhóra (LPV) agus Árthach Patróil Chósta (CPV).

Armáin an Seirbhís Chabhlaigh

Féach ar an gcineál airm a úsáidtear ar bord na n-árthaí seirbhíse cabhlaigh