Tógadh an L.É. RÓISÍN (an chéad ceann den aicme RóisÍn) don tSeirbhís Chabhlaigh in Appledore Shipyard sa Bhreatain. Bhí innealtóirí na Seirbhíse Cabhlaigh páirteach i ngach céim dá tógáil. Tógadh í ar mhúnla a bhainfeadh an leas is fearr as a cumas ar uiscí na hÉireann (atá ar na cinn is gairbhe sa domhan) ar feadh na bliana go léir. Dá bharr sin, roghnaíodh níos mó faid a bheith inti (78.8m), rud a chuireann cuma fada caol uirthi agus a cheadaíonn feabhas a chur ar na coinníollacha ar bord dá criú. Ar na saoráidí atá ar bord tá breis cóiríochta príobháidí, ionad aclaíochta agus ionaid athraithe/stórála d’fhoirne ag dul ar bord.
Ainm na Loinge
Cé go n-úsáidtear Róisín nó Róisín Dubh go hiondúil anois mar fháthchiall d’Éirinn, meastar go raibh sí ar dhuine d’iníonacha Aoidh Rua Uí Néill, Iarla Thír Eoghain i ndeireadh an 16ú céad. Ar aon dul le cuid mhaith de mhná uaisle na linne sin bhí sí siúd pósta roinnt uaireanta agus í fós an-óg. Meastar go raibh sí pósta le Aodh Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, agus ag am eile le Ó Catháin as Inis Eoghain. Ní raibh aon rud neamhghnách faoi na póstaí ríshliochta sin agus faoi Dhlí na hÉireann is gnó tuata go hiomlán a bhí sa phósadh, gan aon bhaint ag an eaglais leis.
Tá an dán Róisín Dubh ar cheann de na dánta sin a chuala gach duine, geall leis, ach is minic gur beag a léann é. Is ionann agus cinnte gur dán grá é do bhean éigin agus nach teibíocht faoin mbean idéalach nó fáthchiall den tír atá i gceist ann. Ní raibh aon rud neamhghnách faoi dhánta den chineál sin san 18ú agus sa 19ú aois, ach tá an cur síos atá in ‘Róisín Dubh’ an-difriúil uathu sin. Bíonn na dánta eile ag tabhairt moladh go hiondúil d’áilleacht agus do chrógacht na mná a bhíonn á moladh, ach ní léirítear riamh iontu an dúil chollaíochta atá le fáil sa dán seo.
Saintréither na Loinge |
Cineál | Árthach Fada Patróil Eischósta |
Fad | 78.84m |
Bíoma | 14m |
Snámh | 3.8m |
Príomhinnill | 2 X Dhá Dhíosail mheánluais 16 sor V26 Wartsila 26 5000 KW ag 1,000 RPM 2 Sheafta |
Luas | 23 chnota |
Réimse | 6000 Muirmhíle @ 15 chnota |
Criú | 44 (6 Oifigeach) |
Coimisiúnaithe | L.É. RÓISÍN 15 Nollaig 1999 L.É. NIAMH 18 Meán Fómhair 2001 |
Armáin ar Bord |
Príomharmáil | Canóin 76mm OTO Melara Córas Rialaithe Lámhaigh Radamec |
Armáil Thánaisteach | 2 Chanóin 20mm Rheinmetall Rh202 2 Inneallghunna Throma 12.7mm |
Mionarmáin | Mionarmáin éagsúla ó: Piostal 9mm go dtí Inneallghunna Ilfhóinteach 7.62mm |