Skip to main content

LÉ Órla P41

Bhí an L.É. ORLA faoin ainm HMS SWIFT i dtús ama agus í ina hárthach patróil ag Cabhlach na Breataine in uisce Hong Kong. Cheannaigh Éire í sa bhliain 1988. Dlúthghunna 76mm OTO MELARA agus córas rialaithe lámhaigh leictrea-optúil RADAMEC an phríomharmáil atá aici. Árthach ardluais is ea an L.É. ORLA atá deartha chun gluaiseacht go tapa ar fud an cheantair phatróil agus úsáid a bhaint as a cumas láidir lámhaigh nuair is gá. 

D’éirigh go breá leis an long seo in oibríocht shuntasach sa bhliain 1993 nuair a rinne sí an urghabháil drugaí ba mhó i stair an stáit go dtí sin, tar éis an chits 65 throigh, Brime, a thascradh agus a bhordáil ar muir.

Ainm na Loinge

Ainm iontach coitianta ab ea Orla sa 12ú céad in Éirinn. ‘Ardcheannasíocht’ nó ‘Banphrionsa Órga’ is brí leis an ainm. Orla ab ainm do dheirfiúr agus do neach Bhriain Bhóirmhe. De réir na finscéalaíochta bhí neach Bhriain, an Bhanphrionsa Orla iontach dathúil ach baineadh an cloigeann di mar gheall ar a heaspa discréide.

Saintréithe na Loinge
CineálÁrthach Patróil Chósta
Fad62.6m
Bíoma10m
Snámh2.7m
Príomhinnill2 Dhíosail Crossley SEMT- Pielstick 14,400 HP 2 Sheafta
Luas25 + Chnota
Réimse2500 Muirmhíle @ 17 gcnota
Criú39 (5 Oifigeach)

Armráin ar Bord
Príomharmáil    Canóin 76mm OTO Melara
Córas Rialaithe Lámhaigh Radamec
Armáil Thánaisteach2 Chanóin 20mm Rheinmetall Rh202
Inneallghunna Trom 2 X 12.7mm
MionarmáinPiostal 9mm go dtí Inneallghunna Ilfhóinteach 7.62mm