Skip to main content

LÉ Niamh P52

LÉ Niamh P52

Tógadh an L.É. NIAMH (an dara ceann den aicme Róisín) don tSeirbhís Chabhlaigh san Appledore Shipyard sa Bhreatain. Leagan leasaithe atá inti dá comhlong, an L.É. RÓIS͍N, agus bhí innealtóirí na Seirbhíse Cabhlaigh páirteach i ngach céim dá tógáil. Tógadh Í ar mhúnla rathúil an Róisín, chun an leas is fearr a bhaint as a cumas ar uiscí na hÉireann (atá ar na cinn is gairbhe sa domhan) ar feadh na bliana go léir. Dá bharr sin, roghnaíodh níos mó faid a bheith inti (78.8m), rud a chuireann cuma fada caol uirthi.

Ainm na Loinge

Is iomaí tagairt a dhéantar do Niamh i miotaseolaíocht na hÉireann ach is Í an ceann is cáiliúla acu sin ná Niamh Chinn Óir, iníon Rí Thír na nÓg. Bhí sí i ngrá le hOisín, mac le Fionn Mac Cumhaill. Maidin amháin chuaigh Niamh ar a capall bán go Loch Léin in aice le Ciarraí agus d’áitigh sí ar Oisín filleadh ar Thír na nÓg.

Nuair a shroich siad Tír na nÓg, chuir Rí na nÓg fáilte roimh Oisín agus dúirt leis go mbeadh saol agus óige go deo aige ansin. Phós Niamh agus Oisín, agus bhí triúr clainne orthu, Fionn, Oisín agus Plúr na mBan.

Saintréithe na Loinge
CineálÁrthach Fada Patróil Eischósta
Fad78.84m
Bíoma14m
Snámh3.8m
Príomhinnill2 X Dhá Dhíosail mheánluais 16 sor V26 Wartsila 26 5000 KW ag 1,000 RPM 2 Sheafta
Luas23 chnota
Réimse6000 Muirmhíle @ 15 chnota
Criú44 (6 Oifigeach)
CoimisiúnaitheL.É. RÓISÍN 15 Nollaig 1999
L.É. NIAMH 18 Meán Fómhair 2001

Armáin ar Bord
PríomharmáilCanóin 76mm OTO Melara Córas Rialaithe Lámhaigh Radamec
Armáil Thánaisteach2 Chanóin 20mm Rheinmetall Rh202
2 Inneallghunna Throma 12.7mm

Mionarmáin
Mionarmáin éagsúla ó:
Piostal 9mm go dtí Inneallghunna Ilfhóinteach 7.62mm