Skip to main content

LÉ George Bernard Shaw

Is é LÉ George Bernard Shaw (uimhir bhratainm P64) an ceathrú long agus an long dheiridh de chuid na n-árthaí aicme P60 a tógadh don tSeirbhís Chabhlaigh in Babcock Marine Appledore, Devon. I gcomhréir le héiteas foghlama leanúnaí na heagraíochta, tá roinnt mionfheabhsúchán ann sa long seo i gcomparáid lena comhlonga, ar feabhsúcháin iad atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú ach éifeachtacht a choimeád ag an am céanna. Tá sí ceaptha chun feidhmiú mar Árthach Patróil Amach ón gCósta (OPV) agus tá buaine agus acmhainneacht aici leasanna na hÉireann a chosaint ar aon mhuir ar domhan agus ó aon mhuir ar domhan.

Glacadh an long isteach i seirbhís an Stáit i mí Dheireadh Fómhair 2018 agus, tar éis feistiú míleata a dhéanamh uirthi, tá sé tar éis tús a chur le hOibríochtaí Cosanta agus Slándála Muirí ar farraige. Ina theannta sin, tá a criú agus á córais á bhforbairt aici le go mbeidh sí ag feidhmiú de réir a lánacmhainneachta sula ndéantar í a choimisiúnú go foirmiúil.

Ainm na Loinge

Tá an long ainmnithe as duine de na drámadóirí, de na léirmheastóirí agus de na hintleachtóirí Éireannacha is cáiliúla agus is mó a bhfuil aithne orthu - George Bernard Shaw. Rugadh Shaw i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1856 agus chaith sé a shaol oibre ar fad, nach mór, i Sasana áit a bhfuair sé cáil ar dtús mar léirmheastóir ceol agus drámaíochta. Bhí éirim as an ngnáth aige agus scríobh sé líon mór drámaí agus thosaigh sé ag glacadh páirt sa saol polaitíochta (mar thoradh ar a thaithí ar bhochtaineacht lár chathair Bhaile Átha Cliath bhí spéis ar leith aige i leas leanaí agus i leas na mbocht), agus ghlac sé ról an choimhthígh chuige féin i gcónaí - mhair sé i measc shochaí ardaicmeach Shasana ag tús an 20ú haois ach ní duine de chuid na sochaí sin a bhí ann. Is duine é den bheirt ar bronnadh Duais Nobel agus Gradam Acadaimh (Oscar) orthu agus is léiriú an chéimíocht sin ar a intleacht a forbraíodh i sochaí Victeoiriach ach ar intleacht í a bhí forásach agus nua-aoiseach i gcónaí: go deimhin, ba intleacht iar-nua-aoiseach í uaireanta.

Meirge na Loinge

Tá meirge na loinge i gcomhréir le gnáthphátrún na long eile sa loingeas. Ag an mbarr, ar thaobh na láimhe deise, tá tréith gheografach ann a bhaineann leis an duine a bhfuil an long ainmnithe as - sa chás seo, doras Seoirseach atá ann den chineál a fhaightear sa teach sraithe inar fhás Shaw aníos. Ag an mbun, ar thaobh na láimhe clé, tá íomhá ann ina dtaispeántar gné de shaol nó de shaothar an duine sin. Is é atá san fhear atá ag baint na deilge as lapa an leoin ná an carachtar atá luaite sa teideal “Androcles and the Lion”, ar dráma de chuid Shaw é atá bunaithe ar cheann d’fhabhalscéalta Aesop. Is sclábhaí atá tar éis éalú é Androcles, agus aimsíonn sé tearmann in uaimh. Faigheann sé amach go bhfuil leon ann san uaimh agus go bhfuil sé i bpian - tá dealg ann i lapa ionfhabhtaithe an leoin agus ní féidir leis í a bhaint amach. Sáraíonn Androcles an eagla atá air roimh an ainmhí agus baineann sé amach an dealg agus tugann sé aire don leon go dtí go dtagann biseach air. Blianta ina dhiaidh sin, tar éis Androcles a ghabháil, agus nuair atá sé le dul ag troid in aghaidh leoin san airéine, tarlaíonn sé gurb é an t-ainmhí ceannann céanna atá ann - in ionad dul ag troid, beireann siad barróg ar a chéile. Ós rud é go dtuigeann an t-impire lúcháir an tslua, scaoileann sé Androcles agus an leon saor agus déantar ceiliúradh mór in ómós dóibh sa Róimh. Maidir leis an gcoincheap ar dá réir a

sháraíonn duine eagla roimh “an duine eile” chun cabhrú le duine éigin atá i gcruachás, tá sé ag teacht go maith le hobair na Seirbhís Chabhlaigh le roinnt blianta anuas sa Mheánmhuir.

Saintréithe na Loinge
CineálÁrthach Patróil Eischósta
Fad90.0m
Bíoma14m
Snámh3.8m
Príomhinnill2 x inneall díosail Wärtsilä agus Glacadh Isteach Cumhachta, 2 x sheafta, 10000kw
Luas23 chnota
Criú44
Armáin ar Bord1 x Chanóin 76mm OTO Melara
2 x Chanóin 20mm Rh202 Rheinmetall
2 x Mheaisínghunna 12.7mm
4 x Mheaisínghunna Ilfhóinteach 7.62mm