Skip to main content

Ról Sciathán Fiannóglaigh an Airm

Aonad lárnach de chuid Óglaigh na hÉireann é Sciathán Fiannóglaigh an Airm. Tá na róil roinnte i dhá chuid - róil Ghnáthchogaíocht agus róil a bhaineann le "Cabhair Speisialta don Chumhacht Shibhialta" (ATCP). Tá ról aige freisin an caighdeán a fhorbairt i measc Óglaigh na hÉireann.

Tascanna Míleata

Oibríochtaí Ollionsaitheacha Laistiar de Línte an Namhad:

  • Spriocanna riachtanacha a dhaingniú
  • Patrólú Fadraoin
  • Ruathair
  • Luíocháin
  • Sabaitéireacht
  • Príomhphearsanra a Ghabháil
  • Oibríochtaí Atreoraithe
  • Bailiú Faisnéise

Oibríochtaí Cosantacha:

  • Daoine an-tábhachtacha a Chosaint
  • Frithcheannairceacht
  • Traenáil agus Reáchtáil Oibríochtaí Speisialta
  • Oibríochtaí Moillitheacha

Tascanna ‘Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta’ (Frithsceimhlitheoireacht)

  • Oibríochtaí Frith-fhuadaithe
  • Oibríochtaí chun Gialla a Tharrtháil
  • Idirghabhálacha Aeir agus Mara
  • Oibríochtaí Cuardaigh - Tascanna speisialta ar Tír nó ar Muir
  • Oibríochtaí Tóra
  • Spriocanna atá i Seilbh Sceimhlitheoirí a Athghabháil
  • Oibríochtaí Díonachta i leith Daoine an-tábhachtacha/ Dlúthchaomhnú ar Dhaoine An-tábhachtacha
  • Pleanáil Theagmhasach chun Frithghníomhú in aghaidh Baol Sceimhlitheoireachta / Treascracha

Caighdeáin Óglaigh na hÉireann a Fhorbairt

Cuidíonn Sciathán Fiannóglach an Airm le caighdeáin a fhorbairt i dtaca le scileanna míleata agus scileanna gaolmhara i measc Óglaigh na hÉireann trí:

  • Tástáil agus Meastóireacht a dhéanamh ar Threalamh d'Óglaigh na hÉireann
  • Cleachtaí traeánala a Eagrú d'Óglaigh na hÉireann agus Páirt a Ghlacadh Iontu
  • Cúrsaí Speisialtóra a Reáchtáil
  • Pearsanra Sciathán Fiannóglaigh an Airm a thabhairt ar ais chuig Cóir éagsúla Óglaigh na hÉireann