Skip to main content

An Cór Chumarsáide & Eolais

AN CÓR CHUMARSÁIDE & EOLAIS
File summary text

Misean an Chóir CIS

Córais chumarsáide agus Eolais (CIS) éifeachtacha agus éifeachtúla a chur ar fáil do cheannas, rialú agus riarachán Óglaigh na hÉireann ag baile agus thar lear.

An Cór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais atá freagrach as an gCóras Teicneolaíochta Faisnéise atá mar thacaíocht ag tascanna Óglaigh na hÉireann a fhorbairt agus a fheidhmiú. Tá sé freagrach chomh maith as gach córas cumarsáide (raidió agus líne) agus eolais, taighde cumarsáide agus nuashonrú cumarsáide a chomhordú ag teacht le forbairtí nua-aimseartha agus riachtanais oibríochta. Baineann an Cór CIS leas as teicneolaíochtaí gréasán agus eolais d’fhonn éifeachtacht feidhme Óglaigh na hÉireann a mhéadú go suntasach trí eolas tráthúil agus cruinn a sholáthar don cheannasaí in éineacht le heolas fíor-ama a chomhroinnt leis an Arm, leis an Aerchór agus leis an tSeirbhís Chabhlaigh chomh maith le páirtithe ilnáisiúnta a bhfuil baint acu le síochánaíocht idirnáisiúnta agus gníomhairí eile de réir mar is gá.

Tá aonaid an Chóir Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais scaipthe ar fud Óglaigh na hÉireann agus tugann siad tacaíocht Cumarsáide agus TF do na Briogáidí, don Aerchór, don tSeirbhís Chabhlaigh, d’Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann agus do Cheanncheathrú Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann. Tá Ceardlann Bunáite ag an gCór CIS  ina ndéantar cothabháil agus taighde agus forbairt mhionsonraithe.

Ritheann an Scoil CIS líon ard cúrsaí CIS lena n-áirítear clár céime i gCumarsáid Mhíleata do theicneóirí CIS i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Cheatharlach.