Skip to main content

An Cór Innealtóirí

Cuireadh tús leis an gCór Innealtóirí an 1 Deireadh Fómhair 1924 chun tacaíocht innealtóra a sholáthar d’Óglaigh na hÉireann in Oibríochtaí in Éirinn agus thar lear araon.

Misean

Is é misean an Chóir Innealtóirí ná;

  • tacaíocht innealtóirí comhraic a sholáthar mar chuid den Bhriogáid Choisithe chun cosaint i gcoinne fogha armtha
  • tacaíocht Innealtóra a sholáthar do “Chuidiú leis an gCumhacht Shibhialta" le béim ar shainchuardach
  • tacaíocht Innealtóra a sholáthar do “Chuidiú leis na hÚdaráis Sibhialta” nuair a tharlaíonn tubaistí nádúrtha nó tubaistí eile
  • tacaíocht Innealtóra a sholáthar do mhisin an Aontais Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe
  • sócmhainní an Airm, an Aerchóir agus na Seirbhíse Cabhlaigh a chothabháil agus a uasghrádú, ar nós foirgnimh, tailte agus raonta.

Ról an Chóir Innealtóirí

Tá dhá phríomhréimse feidhme ag an gCór Innealtóirí a eascraíonn ón a misean sainithe;

  • Tacaíocht innealtóirí a sholáthar do na Briogáidí Coisithe
  • Dúin agus feistis Óglaigh na hÉireann a chothabháil agus a uasghrádú lena n-áirítear an Clár Oibreacha Innealtóra Caipitil a bhainistiú.

Tá an raon tacaíochta a sholáthraítear do na Briogáidí Coisithe an-leathan agus áirítear orthu;

Soghluaisteacht

Cumas d’fhórsa féin gluaiseacht thart timpeall na n-armhánna a fheabhsú. Tacaíonn na hinnealtóirí comhraic leis an ról sin de ghnáth trí chonstaicí na naimhde a laghdú lena n-áirítear dímhianadóireacht, bacanna tír-raoin a réiteach, bóthair agus droichid a thógáil agus bearnú i dtír-raon uirbeach.

Frithsholghluaiseacht

Bacanna a thógáil chun cosc a chur ar an namhaid ó bheith ag gluaiseacht thart ar an ármhá. Tacaíonn na hinnealtóirí comhraic leis an ról sin de ghnáth trí bhóithre agus droichid a scriosadh, bac a chur ar bhóithre, trinsí agus díoga a thochailt agus réimse mianaigh Fritancanna (AT) a leagan síos.

Cumas Teacht Slán

Daingin a thógáil a chuireann ar chumas ár saighdiúirí féin maireachtáil ar an ármhá. Áirítear ar na samplaí trinsí, buncair, foscaí agus suíomhanna troda feithiclí armúrtha.

Innealtóireacht Ghinearálta

Tacaíocht fíorshaoil d'fhórsaí míleata sa láthair trí champa a thógáil, seirbhísí tacaíochta beatha a chothabháil agus a sholáthar, lena n-áirítear soláthar uisce, cóireáil séarachais agus soláthar leictreachais etc. Áirítear ar an tacaíocht innealtóireachta ghinearálta a sholáthraíonn an Cór Innealtóirí soláthar chomhrac dóiteáin, seirbhísí RTA, Sainchuardach agus diúscairt muinisin choinbhiniúnacha.

Oibríochtaí Thar Lear

Áirítear ar na tíortha ar imscaradh an Cór Innealtóirí chucu thar lear, an Congó, an Chipir, Angóla, an tSomáil, Ruanda, Hondúras, an Bhoisnia, an Aetóip/an Eiritré, an Chosaiv, an Libéir, an tSúdáin, an Cósta Eabhair, an Afganastáin agus Sead. Baintear níos mó agus níos mó úsáide as an gCór i róil sluaíochta, iad ag réamhimscaradh chuig an Chosaiv, an Libéir agus Sead chun Campaí a thógáil sula dtiocfadh meithleacha de níos mó ná 400 trúpa.

Traenáil

Tá Scoil Innealtóireachta Míleata Óglaigh na hÉireann, atá lonnaithe in Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh freagrach as iompar na 40 cúrsa éagsúil a shíníonn gach céim agus gach slí bheatha laistigh d’eagraíochtaí innealtóireachta sibhialta agus machaire. Is Lárionad Barrfheabhais i dTraenáil Innealtóirí agus CBRN í Scoil Innealtóireachta Míleata Óglaigh na hÉireann.