In Arm na hÉireann is éard is cathlán ann ná aonad comhraic coisithe. Tá an Cathlán faoi cheannas Leifteanantchornail agus tá sé comhdhéanta de 3 Chomplacht Muscaed, Complacht Ceanncheathrún agus Complacht Tacaíochta. Tá na harmáin throma a dteastaíonn ón gCeannasaí Cathláin chun tacú leis na Complachtaí Muscaed agus chun an misean Cathláin a chomhlíonadh ag an gComplacht Tacaíochta. Tá an Complacht Tacaíochta comhdhéanta de Bhuíon Innealghunna Trom (HMG), Buíon Mhoirtéir 81mm agus Buíon Fritharmúir. I dteannta na mbuíonta sin, tá dhá Phéire Naoscaire ag Ceanncheathrú an Chomplachta Tacaíochta.
Muscaed Naoscaire AI 92
Tugadh Muscaed Naoscaire AI 92 isteach san Arm i 1992. Tá sé ar an dara glún de mhuscaeid chruinnis idirnáisiúnta agus is leagan leasaithe é den L96 AI a tháinig roimhe. Malcolm Cooper a rinneadh é a dhearadh, bunaithe ar dhearadh do mhuscaed spóirt. Roghnaíodh an t-armán sin i 1991 de ghearrliosta ar a raibh ceithre cinn de mhuscaeid.
Statisticí Muscaed Naoscaire AI 92 |
---|
Déantóir | Accuracy International |
---|
Cineál Armáin | Muscaed Naoscaire |
---|
Tír a Dhéantar | An Ríocht Aontaithe |
---|
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse | 1992 |
---|
Calibre | 7.62mm |
---|
Cothú Lónlámhach | Cothú le Piléarlann |
---|
Meáchan | 9.1kg |
---|
Modh Lámhaigh | Urchar Aonair, Gníomh Bolta |
---|
Raon | 1000m |
---|
Ráta Lámhaigh | |
---|
Fad | 1150mm |
---|
Treoir | Schmidt and Bender |
---|
Criú | 2 |
---|
Browning HMG
Tá Innealghunnaí Troma á dtáirgeadh le céad bliain anuas, beagnach. Tá spéis á cur arís ina n-úsáid de réir mar a d’athraigh airm calibre a mionarmán ó 7.62 mm go dtí 5.56 mm, as a lean raonta níos lú. Féadfaidh an HMG lámhach a dhéanamh ag raonta suas le 2200 méadar. Is féidir an HMG a úsáid freisin i ról aerchosanta le seastán agus treoracha speisialta agus is é an príomh-armán aerchosanta orgánach é sa Chathlán Coisithe.
Staitisticí Gunna Trom 12.7mm Browning |
---|
Déantóir | Fabrique Nationale |
---|
Cineál Armáin | Innealghunna Trom |
---|
Tír a Dhéantar | An Bheilg |
---|
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse | 1970idí |
---|
Calibre | 12.7mm |
---|
Cothú Lónlámhach | Crioschothaithe (naisc a thiteann ó chéile) |
---|
Meáchan | 96kg |
---|
Modh Lámhaigh | Lámhach Uathoibríoch |
---|
Raon | 2200m |
---|
Ráta Lámhaigh | 550 urchar sa nóiméad |
---|
Fad an Bhairille | 1143mm |
---|
Treoir | Treoir Iarann |
---|
Criú | 3 |
---|
Moirtéar 81mm
A bhuíochas don Mhoirtéar 81mm bairille fada leis an Aonad Treorála AI C2 agus a armlón, chomh maith leis an Ríomhaire Lámhachrialaithe Morfire, tá an trealamh seo i measc an trealaimh is nua-aimsearthaí agus is cruinne áit ar bith ar domhan. Féadfaidh na huirlisí aonad treorála agus lámhachrialaithe cruinneas aon mhiliméadair (1 m ag 1000m) a bhaint amach ó thaobh treo agus ardas. Féadfar an cruinneas sin a choimeád in imthosca timpeallachta thar fóir agus i dtréimhsí ina mbíonn infheictheacht teoranta nó laghdaithe. Trí úsáid a bhaint as raonaimsitheoirí léasair, is féidir cur leis an dóchúlacht go mbainfear buille chéad bhabhta nó dara babhta amach.
Staitisticí an Mhoirtéir 81mm |
---|
Déantóir | Hocthkiss Brandt |
---|
Cineál Armáin | Moirtéar Meánach |
---|
Tír a Dhéantar | An Fhrainc |
---|
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse | |
---|
Calibre | 81mm |
---|
Cothú Lónlámhach | Béal-Lódáilte |
---|
Meáchan | 41.5kg |
---|
Modh Lámhaigh | Urchar Aonair |
---|
Raon | 5000m |
---|
Ráta Lámhaigh | 12 urchar sa nóiméad |
---|
Fad | |
---|
Treoir | C2A1 |
---|
Criú | 5 |
---|
Javelin
Is diúracán “déan lámhach agus déan dearmad” é an Javelin a bhfuil glasáil roimh lainseáil agus féintreoir uathoibíoch aige. Ciallaíonn sin nach gá leis an duine plé leis an diúracán tar éis dó lámhach a dhéanamh agus go bhfuil an gunnadóir saor le athlódáil a dhéanamh, suíomh a athrú nó frithbhearta an namhaid a sheachaint. Tá an córas armáin Javelin comhdhéanta de dhá chomhpháirt éagsúil:
- An tAonad Lainseála Ceannais (CLU)
- An Diúracán
Corpraíonn an CLU treoir lae lánpháirtithe agus treoir íomháithe teirmigh. Ar an CLU atá rialáin an ghunnadóra don chóras diúracáin. Tá formhéadú x 4 ag an treoir lae agus tá formhéadú x 4 agus optaic formhéadaithe x 9 ag an treoir oíche. Tá dhá mhodh ionsaithe ag an Javelin:
- Ionsaí díreach
- Ionsaí ó bharr
Sa mhodh ionsaithe dírigh, téann an diúracán go dtí an targaid ar an mbealach is giorra is féidir. Oibríonn an modh seo go maith le targaidí clúdaithe mar shampla buncair agus foirgnimh. Sa mhodh ionsaithe ó bharr, dreapann an diúracán os cionn na targaide agus bualann díon na targaide. Tá an modh seo éifeachtach i gcoinne feithiclí armúrtha ar a bhfuil an méid is lú cosanta ar dhíon na feithicle.
Staitisticí an Javelin |
---|
Déantóir | Raytheon/Lockheed Martin |
---|
Cineál Armáin | Armán Fritharmúrtha Soghluaiste |
---|
Tír a Dhéantar | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
---|
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse | 2003 |
---|
Trastomhas an Diúracáin | 126mm |
---|
Cothú Lónlámhach | Urchar Aonair Réamhlódáilte |
---|
Weight | 22.3kg |
---|
Modh Lámhaigh | Lámhaigh Singil |
---|
Raon | 2500m |
---|
Ráta Lámhaigh | Áid Aonair (Comhpháirt Diúracáin) |
---|
Fad | 1260mm |
---|
Treoir | Féintreoir Uathoibríoch Glasála |
---|
Criú | 2 |
---|