Skip to main content

Stair na Scoile Eachaíochta

Cinneadh misniúil ab ea bunú foireann Léimní Seó Airm go luath tar éis bhunú an Stáit i 1926 agus tugadh breitheanna éagsúla ar an gcinneadh sin ó shin, ar nós beart uaillmhianach, sciuird isteach san fhásach, misean dodhéanta. Ach d’fhéadfadh gur ón marcach eachaíochta Francach, an Captaen Montergon, a tháinig an ráiteas ab fhearr faoin bhforbairt iomadúil seo nuair a dúirt sé, “Nach iontach an misneach atá ag an Arm Éireannach óg seo á chaitheamh féin go dána isteach san uisce chun snámh a fhoghlaim!” Ocht mbliana ina dhiaidh sin bhí a intinn athraithe ag an údar céanna sin. Ag scríobh dó in Revue de Cavalerie, dúirt sé “Tá Éire tosaithe ag snámh i ndáiríre agus roghnaigh an máistir snámha, Col Paul Rodzianko, an modh ceart chuige sin.” Ba é an máistir ar thagair sé dó ná an teagascóir marcaíochta Rúiseach, an Col Paul Rodzianko, ar chuidigh a ardéirim le foireann nua na hÉireann a thabhairt ón stádas nóibhíseach go dtí ceann de na scuaid is mó a bhfuil faitíos rompu sa domhan. Bunaíodh Scoil Eachaíochta an Airm go han-tapa i 1926 tar éis cruinniú a bhí ag an mBreitheamh Wylie ón RDS, Col Hogan (An tArdcheathrúnach), agus an té a bhí i gceannas an tSaorstáit nua ag an am, an tUachtarán William T. Cosgrave. Trí mhiorúilt de thionscnaíocht fhadbhreathnaitheach, fuarthas an maoiniú le go bhféadfadh Éire foirne a chur san iomaíocht i gcomórtais léimní seó idirnáisiúnta. An cuspóir — fógraíocht a dhéanamh faoin Stát nua agus poiblíocht a thabhairt don chapall Éireannach, rud a rachadh chun tairbhe do na tógálaithe feirmeoireachta ar fud na tíre san fhadtéarma. Thosaigh an earcaíocht go luath i 1926. Duine de na chéad daoine a glaodh ab é Ged O’Dwyer as Luimneach agus ina dhiaidh sin dúirt sé, “lucht seilge agus rásaíochta a bhí ionainn ar fad agus ní raibh aon eolas againn faoi léimneach seó.” Dúirt earcach eile, Dan Corry as Gaillimh, “nuair a bhaineamar amach an dún ní raibh aon chapaill romhainn ach cinn a bhí ag tarraingt cairteanna sa chlós.” Cé go mbreathnaítear ar an scéal anois mar éacht neamhdhaonna, thosaigh an fhoireann nuacheaptha, ar a raibh Corry, O’Dwyer agus a leathbhádóir as Luimneach, Cyril Harty, á n-ullmhú féin agus na capaill a bhí roghnaithe ag an mBreitheamh Wylie chun dul san iomaíocht trí mhí ina dhiaidh sin ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath i gcoinne foirne oilte as an Eilvéis, an Bhreatain Mhór, an Fhrainc, an Bheilg agus an Ísiltír. Tháinig na sluaite chuig an RDS ar an Aoine, an chéad lá de chomórtas Thrófaí an Aga Khan. Bhí an oiread daoine ann gurbh éigean na geataí a chur faoi ghlas uaireanta an chloig sular thosaigh an comórtas, chun cosc a chur lena thuilleadh daoine a theacht isteach ar láthair Dhroichead na Dothra. Ba mhór an éacht don Chaptaen Corry ar Finghin, an Captaen O’Dwyer ar Oisín agus an Captaen Harty ar Chú Chulainn an dara háit a fháil taobh thiar d’fhoireann na hEilvéise a raibh gach duine acu ar mhuin capaill Éireannaigh agus a cheannaigh 75 cinn eile acu sula raibh an seó críochnaithe!

Ach sin ráite, níor mhair an ghaisce i bhfad mar a fuair na marcaigh amach ar a gcéad thuras thar lear i 1927, ag comórtas crua Chorn na Náisiún san Olympia i Londain. “Ní raibh na capaill ná na marcaigh in ann ag na hiamhais chúnga a bhí sa láthair mharcaíochta faoi dhíon,” a dúirt an Captaen O’Dwyer tar éis a dtaithí thubaisteach inar chríochnaigh siad an an bhfoireann dheiridh de na sé fhoireann a bhí san Prince of Wales Cup agus iad 70 lochtmharc taobh thiar den Bhreatain. Mar sin, nuair a chas an Cornal Michael Hogan ar an gCornal Paul Rodzianko san Olympia an bhliain chéanna, bhí sé faoi bhrú mór bealach chun cinn a fháil don fhoireann nua agus dlisteanú a dhéanamh ar an riar mór airgid a bhain léi do na státseirbhísigh agus don phobal araon.

Ar a fhilleadh ar Bhaile Átha Cliath, rinne an Cornal Hogan cás go bhfostófaí an Cornal Rodzianko, a scríobh ina chuimhne cinn, “Iarradh orm a theacht anall go Baile Átha Cliath. Bhuail mé leis an gCornal Hogan i nDún Laoghaire le moch maidine. Chaith mé roinnt laethanta ag plé tairiscintí agus ar deiridh d’ainmnigh an tAire Cosanta mé mar Stiúrthóir (Príomhtheagascóir) ar an Scoil Eachaíochta... Bhí capaill den scoth i Scoil Eachaíochta an Airm, bhí an-chrógacht ag na daoine agus beagán taithí ach ní raibh aon eolas teicniúil acu... Nach iontach an t-ábhar a bhí iontu. Le capaill Éireannacha agus croíthe Éireannacha bhí a fhios agam gur cheart dom an bua a fháil ar fud an domhain.”

Ach sula dtarlódh aon mhiorúilt chaithfí pian a fhulaingt. Tar éis dó a theacht go dtí Dún Mhic Aoidh in earrach na bliana 1928, chuir an gCornal Rodzianko i bhfeidhm na haraíonachtaí as Caprilli ar an “ábhar breá Éireannach”. Ag breathnú siar ar na chéad laethanta chrua sin ag traenáil faoin gcóitseálaí nua, dúirt an Captaen Ged O’Dwyer — “D’iompaigh sé ó bhun go barr muid agus bhí sé pianmhar. Bhímis sa diallait ar feadh sé huaire den lá agus cé go raibh an diallait nua tosaigh ní ba éasca ar an gcapall bhí sé míchompordach dúinne. Is cuimhin liom gur iomaí oíche a rinneamar ár mbealach ar ais go dtí an Dún agus ar éigean a bhíomar in ann an leaba a bhaint amach, agus bhíodh muid fós tinn nuair a dhúisíodh muid an mhaidin dar gcionn. Ar ais go dtí an diancheacht: sála síos, méaracha na gcos amach, gleann i do dhroim agus na lámha go héadrom ar feadh sé uair an chloig eile.”

D’oibrigh an phian, mar an Lúnasa céanna fuair foireann na hÉireann ar a raibh Corry, O’Dwyer agus Harty ar Fhinghin, Cú Chulainn agus An Chraobh Rua a gcéad bhua i dTrófaí an Aga Khan, iad chun cinn ar an mBreatain, An Fhrainc agus na Beilgigh a mbeadh deartháir leis an gCornal Rodzianko, Alexander, á dtraenáil go luath ina dhiaidh sin. D’fhan an Cornal Rodzianko i nDún Mhic Aoidh ar feadh ceithre bliana ina dhiaidh sin. Ach thar aon ní eile, d’fhág an Cornal Rodzianko traidisiún marcaíochta ina dhiaidh in Éirinn atá linn riamh ó shin. Ní hé sin amháin, ach le linn a chuid ama anseo sna tríochadaí agus arís nuair a d’fhill sé sna caogaidí, thug an tAire Cosanta cead a chos dó a ardéirim a roinnt le marcaigh Éireannach taobh amuigh de bhallaí Dhún Mhic Aoidh, agus é ag tabhairt ceachtanna do mharcaigh óga ionchasacha. Lean na hOifigigh a mhúin sé agus iad sin a tháinig ina ndiaidh leis an traidisiún sin a bheith ag roinnt a gcoda ar láthair eachaíochta na hÉireann i gcoitinne.

Cé go raibh an áit in ísle brí nuair a tháinig sé, d’fhág an Rodzianko Scoil Eachaíochta an Airm agus é de chumas acu aghaidh a thabhairt ar an saol mór. Sin a rinne siad idir 1931 agus 1939 tráth ar bhuaigh siad 20 Corn Náisiúnta:-1931 Lucerne; 1932 Baile Átha Cliath agus Bostún; 1933 Toronto; 1935 Lucerne, Baile Átha Cliath, Nua Eabhrac agus Toronto; 1936 Nice, Amstardam, Lucerne agus Baile Átha Cliath; 1937 Londain, Lucerne, Baile Átha Cliath agus Aachen; 1938 Baile Átha Cliath, Nua Eabhrac agus Toronto; 1939 Lucerne.
Tar éis an Chogaidh (an Éigeandáil), bhí easpa maoinithe ar an Arm agus dá thoradh fágadh an Scoil Eachaíochta ar an ngannchuid. Nó gur tháinig Rialtas Mhic Cosgair sna 1970adaí ní bhfuair an scoil an maoiniú a theastaigh le go bhféadfaí dul in iomaíocht arís ar an stáitse domhanda. I rith na 50 bliain nó mar sin ó dheireadh an Dara Chogaidh Dhomhanda, tá na céadta ranganna Idirnáisiúnta buaite ag marcaigh aonair Airm, mar aon le buanna aonair san Grand Prix.

De bhreis ar an ngníomhaíocht éifeachtach comórtais sin, bhí Scoil Eachaíochta an Airm páirteach freisin sna gnéithe síolrúcháin agus eagrúcháin den eachaíocht Éireannach in imeacht na mblianta. Ba é an Cornal J.J. Lewis an tríú cathaoirleach náisiúnta a bhí ar Show Jumping Association of Ireland agus ceapadh é ina chéad Ardstiúrthóir air i 1988. Ní hé amháin go raibh an Cornal Billy Ringrose ina Chef d’Equipe d’fhoireann na hÉireann ba é a bhí ina Phríomhstiúrthóir ar an Láthair Eachaíochta do Sheó Capall Bhaile Átha Cliath agus tá sé ina Iar-Uachtarán ar an RDS. Bhí an Cornal Ned Campion ina Chef d’Equipe freisin agus ina Ardrúnaí ar Chónaidhm Eachaíochta na hÉireann. Tá tréimhsí caite ag an Leifteanantchornal Ronnie MacMahon ar choistí Chumann Trialacha Capall na hÉireann agus bhí sé ina Chef d’Equipe, ina thraenálaí agus ina chóitseálaí d’Fhoirne Trialacha Capall Idirnáisiúnta na hÉireann. Bhí an Cornal Campion agus an Leifteanantchornal MacMahon ar bheirt de bhunaitheoirí Marcaíocht do Dhaoine le Míchumas. Is é an Ceannfort John Ledingham (ar scor) an Cathaoirleach reatha ar Choiste Cóitseála Eachspórt Éireann agus tá an Ceannfort Tom Freyne ina bhall den Choiste céanna.

Nuair a tháinig deireadh le ré iomaíoch an chapaill léimnigh Mullacrew, cuireadh go dtí Hartwell Stud í mar láir shíolrúcháin. Nuair a crosáileadh í le Sea Crest rug sí an stail iontach léimní seó idirnáisiúnta Cruising. Bhí láracha eile as Scoil Eachaíochta an Airm páirteach i gcláir shíolrúcháin a inseamhnaithe shaorga agus i gcláir aistrithe suthanna ag Caisleán Necarne i gContae Fhear Manach agus le Teagasc, Caisleán Chill an Dátúnaigh, Co. Chill Chainnigh.

Trína gcomhpháirtíocht le RACE, tá marcaigh den scoth traenáilte ag an scoil, John Murtagh, Kieran Fallon, Conor O’Dwyer agus Jimmy Quinn, gan a lua ach an beagán — daoine a bhfuil tuilleadh glóire bainte amach acu d’Éirinn i saol idirnáisiúnta na rásaíochta. Ar an dóigh sin in imeacht na mblianta, tá a cuspóir bainte amach ag Scoil Eachaíochta an Airm go dtabharfaí poiblíocht d’Éirinn agus do chapaill na hÉireann thar lear le linn a bheith ag obair ar son eachaíochta na hÉireann anseo sa bhaile.