Skip to main content

Príomhghníomhaíochtaí na Scoile

Tionchar Straitéiseach

Is é Eachspórt Éireann (H.S.I.) an Coiste Náisiúnta Rialaithe don tionscal eachaí in Éirinn. Faoi láthair, tá Oifigigh ar seirbhís agus ar scor ó Scoil Eachaíochta an Airm ina gcomhaltaí ar roinnt de Bhoird Coistí an H.S.I. Tá Oifigigh ina gcomhalta de roinnt comhlachtaí eachaíochta Éireannacha eile ar a n-áirÁtear Show Jumping Association of Ireland, Eventing Ireland & RDS Equestrian Committee. Ag an leibhéal idirnáisiúnta, tá oifigigh ar scor ag cuidiú leis an gCoiste Rialaithe Idirnáisiúnta, Cónaidhm Eachaíochta Idirnáisiúnta (F.E.I.).

Tionchar ar an Traenáil

Tá córas cóitseála agus traenála forbartha ag an Scoil Eachaíochta atá glactha anois mar Shiollabais Náisiúnta Cóitseála agus Traenála don tionscal eachspóirt. Glactar leis an gcóras cóitseála seo mar chaighdeán idirnáisiúnta agus baineann an Cónaidhm Eachaíochta Idirnáisiúnta (F.E.I.) úsáid as ar fud an domhain. Ar an dul céanna, tá siollabas traenála na Scoile Eachaíochta glactha ag an H.S.I mar Chaighdeán Náisiúnta.

Tionchar ar an Oideachas

Reáchtáileann Oifigigh na Scoile Eachaíochta taispeántais agus clinicí do grúpaí sainleasa éagsúla sa tionscal. Reáchtáiltear na taispeántais sin chun oideachas agus eolas a chur ar fáil do dhaoine faoi shíolrú, traenáil & cóitseáil.

Tionchar ar Shíolrú

Tá fochoiste bunaithe ag an H.S.I. chun Beart Ardchumais um Shíolrú Capall Spóirt a chur ar fáil. Tá beirt Oifigeach ón Scoil Eachaíochta ina gcomhaltaí den “Tascfhórsa um Chapall Spóirt den Scoth Síolraithe in Éirinn”. An cuspóir atá ag an tascfhórsa seo ná feabhas a chur ar straitéis shíolraithe an Chapaill Spóirt Éireannaigh.

Sparánachtaí

Le cead ón Aire Cosanta, bronntar trí Sparánacht Bhliantúla ar mharcaigh óga a bhíonn ag iomaíocht i léimneach seó agus i dtrialacha capall. Faigheann na daoine a mbronntar na sparánachtaí orthu traenáil lena gcapaill féin ó Oifigigh Mharcaíochta na Scoile Eachaíochta. Bíonn sé de phoitéinseal sna marcaigh óga seo a bheith ar an gcéad ghlúin eile d’iomaitheoirí idirnáisiúnta agus cuidíonn an traenáil a chuireann an Scoil Eachaíochta ar fáil leis an bpoitéinseal sin.

An Tréad Síolrúcháin a Fheabhsú

Ceadaíonn Scéim Cheannacháin & Léasa na Scoile Eachaíochta na láracha a thabhairt ar ais dá n-úinéirí nuair a bheidh deireadh le ré iomaíochta na láracha. Tugann sin deis don úinéir searraigh a fháil ó láir Éireannach a bhfuil teastas cruthaithe iomaíochta aici. AithnÁtear an cineál seo de láracha síolrúcháin mar na cinn is fearr chun capaill spóirt den scoth a shíolrú. Cuidíonn an obair sin chun cáilíocht an Tréad Náisiúnta a fheabhsú.

Gníomhaire Caidrimh Phoiblí don Náisiún, d’Óglaigh na hÉireann agus do Thionscal Capall Spóirt na hÉireann

Aithnítear láithreach marcaigh an Airm a bhíonn ag iomaíocht ar chapaill Éireannacha mar shiombailí d’Éirinn agus d’Óglaigh na hÉireann. Tugann an Scoil Eachaíochta íomhá dearfach don phobal d’Óglaigh na hÉireann agus de thionscal na gcapall spóirt. Le linn na ngníomhaíochtaí éagsúla atá léirithe thuas, tugann an Scoil Eachaíochta Áomhá dearfach d’Óglaigh na hÉireann do réimse mór den phobal. Capaill Spóirt de shíolrú na hÉireann amháin a bhíonn san iomaíocht ag an Scoil Eachaíochta, agus tugann sé sin ardán den scoth do Thógálaithe Capall Spóirt na hÉireann