Skip to main content

Scoil Airtléire

Artillery School

Tá an Scoil Airtléire ina cuid d’Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann (DFTC) agus is í lárionad foirfeachta na traenála airtléire de chuid Óglaigh na hÉireann. Tá an Scoil Airtléire, a bunaíodh i 1931, foirnithe ag teagascóirí ar ardchaighdeán ón gCór Airtléire. Tá an bunachar eolais atá againn á leathnú go seasta tríd an taithí atá faighte againn ó bhabhtaí imscartha airtléire ar mhisin sa bhaile agus thar lear araon agus trí chlár gníomhach liaison le hinstitiúidí míleata airtléire eile agus trí fhreastal a dhéanamh ar chúrsaí thar lear. Reáchtálann an Scoil Airtléire cúrsaí gairme agus teicniúla in Airtléire Mhachaire agus Aerchosaint, déanann sí gach cleachtadh lámhaigh bheo airtléire sa Stát a mhaoirsiú, eagraíonn sí agus déanann sí maoirsiú ar Fhreachnaimh Chóir agus ar Thaispeántais Chomh-Armán agus déanann an scoil forbairtí in oirbheartaíocht, i dteicnící agus i nósanna imeachta a anailísiú agus a luacháil. Déanann an Scoil Airtléire taighde chomh maith ar an teicneolaíocht airtléire is nua ar mhaithe le forbairt leanúnach a bheith á déanamh ar fheidhm an Chóir.

Fís Straitéiseach

Is í fís na Scoile Airtléire ná a dícheall a dhéanamh i gcónaí le go mbainfidh pearsanra an Chóir Airtléire barr feabhais éifeachtachta gairmiúla amach trí na scileanna agus an t-eolas a thabhairt dóibh chun feidhmíocht a uasmhéadú agus chun oibríocht a éascú. Cuirtear an méid sin i gcrích trí thimpeallacht agus eiteas a chruthú a chabhróidh le staidéar, le foghlaim agus le forbairt phearsanta. Cuireann foireann na Scoile Airtléire bunéirim i láthair agus cothaíonn siad atmaisféar dá réir le haghaidh na mac léinn ar fad. Féachann an Scoil Airtléire i gcónaí lena bunachar eolais a fheabhsú tríd an taithí a fhaigheann a cuid teagascóirí ar mhisin thar lear agus trí chomhoibriú le hinstitiuidí airtléire thar lear.

Príomhghníomhaíochtaí

  • Cúrsaí gairme agus teicniúla airtléire a reáchtáil
  • Maoirsiú ar lámhach beo an Chóir
  • Taighde agus forbairt ar oirbheartaíocht, ar theicnící, ar nósanna imeachta agus ar fhoirceadal
  • Luacháil agus moltaí a dhéanamh i leith threalamh an Chóir.
  • Mionsonraí raoin a eisiúint le haghaidh lámhaigh bheo i nGleann Ó Máil.
  • Comhordú ar chleachtaidh lámhaigh le haghaidh Bataire Oibríochtaí
  • Tacaíochta Síochána (PSO).
  • Comhordú ar Thaispeántais chumhacht lámhaigh
  • Tacú le tascanna riaracháin/oibríochta DFTC
  • Ionchuir Airtléire don Treoir Bhliantúil Traenála (ATD).