Skip to main content

2 Brigade

Briogáid lena mbaineann na harmghéaga uile í 2ú Briogáid agus tá sí comhdhéanta d’fheadhna comhraic, feadhna tacaíochta comhraic agus feadhna tacaíochta seirbhíse comhraic. Áirítear ar na feadhna sin aonaid Coisithe, Marcra Airtléire, Innealtóirí, Cumarsáide agus Iompair. Tá na haonaid sin scaipthe ar fud limistéar freagrachta críche ainmnithe de chuid na Briogáide.

Limistéar Freagrachta Críche

Is í 2ú Briogáid atá freagrach as oibríochtaí míleata in i dtuaisceart na tíre. Áirítear ar na contaetha atá sa limistéir freagrachta: Cill Mhantáin, Baile Átha Cliath, An Lú, Cill Dara, An Longfort, An Mhí, An Iarmhí, Ros Comáin, An Cabhán, Muineachán, Dun na nGall, Sligeach, Liatroim agus Maigh Eo. Tá Ceanncheathrú na Briogáide suite i nDún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath.

Tá feistis riachtanacha éagsúla lonnaithe laistigh de limistéar freagrachta Bhriogáid an Oirthir, lena n-áirítear;

  • Tithe an Rialtais
  • Áras Uachtarán na hÉireann (Áit Chónaithe an Uachtaráin)
  • Ambasáidí Coigríche
  • Aerfort Bhaile Átha Cliath
  • Duganna Bhaile Átha Cliath
  • Aerfort Chnoc Mhuire

Chuidigh an Bhriogáid in amaann leis na cumhachtaí sibhialta trí shlándáil a chur ar fáil ag na háiteanna sin nuair a iarradh uirthi sin a dhéanamh.

Traenáil

Nuair nach mbÁonn siad gafa le hoibríochtaí bíonn an pearsanra seasta ag traenáil le scileanna reatha a chothabháil, le bheith inniúil ar threalamh nua agus, go háirithe, le bheith ábalta iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht a bhíonn ag síorathrú.

Bíonn traenáil na Briogáide ar siúl ar feadh na bliana agus áirítear uirthi;

  • Oibríochtaí Míleata Nósmhara
  • Misin Thar Lear
  • Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta

Tá roinnt limistéar traenála laistigh de limistéar na Briogáide:

  • Campa Bhaile Mhic Gormáin
  • Campa Chill Bhríde
  • Gleann Ó Máil

Freastal ar an An Ginearáloifigeach i gCeannas 2 Briogáid