Briogáid lena mbaineann na harmghéaga uile í 2ú Briogáid agus tá sí comhdhéanta d’fheadhna comhraic, feadhna tacaíochta comhraic agus feadhna tacaíochta seirbhíse comhraic. Áirítear ar na feadhna sin aonaid Coisithe, Marcra Airtléire, Innealtóirí, Cumarsáide agus Iompair. Tá na haonaid sin scaipthe ar fud limistéar freagrachta críche ainmnithe de chuid na Briogáide.
Limistéar Freagrachta Críche
Is í 2ú Briogáid atá freagrach as oibríochtaí míleata in i dtuaisceart na tíre. Áirítear ar na contaetha atá sa limistéir freagrachta: Cill Mhantáin, Baile Átha Cliath, An Lú, Cill Dara, An Longfort, An Mhí, An Iarmhí, Ros Comáin, An Cabhán, Muineachán, Dun na nGall, Sligeach, Liatroim agus Maigh Eo. Tá Ceanncheathrú na Briogáide suite i nDún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath.
Tá feistis riachtanacha éagsúla lonnaithe laistigh de limistéar freagrachta Bhriogáid an Oirthir, lena n-áirítear;
- Tithe an Rialtais
- Áras Uachtarán na hÉireann (Áit Chónaithe an Uachtaráin)
- Ambasáidí Coigríche
- Aerfort Bhaile Átha Cliath
- Duganna Bhaile Átha Cliath
- Aerfort Chnoc Mhuire
Chuidigh an Bhriogáid in amaann leis na cumhachtaí sibhialta trí shlándáil a chur ar fáil ag na háiteanna sin nuair a iarradh uirthi sin a dhéanamh.
Traenáil
Nuair nach mbÁonn siad gafa le hoibríochtaí bíonn an pearsanra seasta ag traenáil le scileanna reatha a chothabháil, le bheith inniúil ar threalamh nua agus, go háirithe, le bheith ábalta iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht a bhíonn ag síorathrú.
Bíonn traenáil na Briogáide ar siúl ar feadh na bliana agus áirítear uirthi;
- Oibríochtaí Míleata Nósmhara
- Misin Thar Lear
- Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta
Tá roinnt limistéar traenála laistigh de limistéar na Briogáide:
- Campa Bhaile Mhic Gormáin
- Campa Chill Bhríde
- Gleann Ó Máil
Freastal ar an An Ginearáloifigeach i gCeannas 2 Briogáid