Skip to main content

GOC 1 BRIOGÁID

An Ginearál Oifigeach i gCeannas na Chéad Bhriogáide

Is é an Briogáidire-Ghinearál Patrick Flynn an Ginearál-Oifigeach i gCeannas na Chéad Briogáide, le héifeacht ón 11 Feabhra 2017. I 1959 a rugadh an Briogáidire-Ghinearál Flynn agus chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann mar dhalta leis an 54ú Rang Daltaí i 1977.

Seirbhís Mhíleata

Ar choimisiúnú dó i 1977, sannadh an Briogáidire-Ghinearál Flynn don Chór Coisithe agus chuir sé tús lena ghairm bheatha leis an 6ú Cathlán Coisithe i mBaile Átha Luain. I gcaitheamh a ghairme beatha, d'fhóin an Briogáidire-Ghinearál Flynn i bpríomhcheapacháin Cheannais agus Foirne ag leibhéal an Chathláin, na Briogáide agus Cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann. Ar na ceapacháin a bhí ann le gairid, tá Teagascóir ar an Scoil Cheannais agus Foirne, An Coláiste Míleata, Oifigeach i gCeannas an 3ú Cathlán Coisithe, Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh, Oifigeach Feidhmiúcháin, Brainse Pleanála Straitéise, Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann, Leas-Cheannasaí agus Oifigeach Feidhmiúcháin an 1ú Briogáid, Dún Uí Choileáin, Corcaigh, agus le déanaí Stiúrthóir Oibríochtaí agus Pleananna, Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann.

Seirbhís Thar Lear

D'fhóin an Briogáidire-Ghinearál Flynn thar lear leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin i 1984 agus i 1999, sa Chosaiv in 2005, agus sa Bhruiséil, áit ar tugadh ar iasacht é do Chomhairle an Aontais Eorpaigh mar chuid d'Fhoireann Mhíleata an AE idir 2008 agus 2011.

Oideachas

Cuireadh oideachas ar an mBriogáidire-Ghinearál Flynn i Scoil Náisiúnta Charraig an Chabhaltaigh agus i gColáiste Naomh Flannán in Inis. Mar chuid dá chuid oideachais mhíleata, rinne sé an Cúrsa Ceannais agus Foirne sa Choláiste Míleata, Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann, an Cúrsa Sinsearach Bainistíochta Géarchéime sa tSualainn agus an Cúrsa Comh-Thascfhórsa san Ísiltír. Is iarchéimí é de chuid NUIG, DCU agus NUIM, agus bhain sé amach Céim Baitsiléara san Eolaíocht, Dioplóma i dTeicneolaíocht na Faisnéise, agus Máistir Ealaíon i Staidéar Cinnireachta, Bainistíochta, agus Cosanta faoi seach. Tá Fraincis líofa ag an mBriogáidire-Ghinearál Flynn chomh maith, agus bhain sé amach Teastas sa Fhraincis ó Rúnaíocht Ghinearálta Chomhairle an AE fad is a bhí sé ar fónamh sa Bhruiséil.

Eolas Pearsanta

Is as Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, an Briogáidire-Ghinearál Flynn ó dhúchas agus tá cónaí air sa Chathair i gContae Thiobraid Árann. Tá suim mhór aige i gcúrsaí spóirt. Tá sé pósta le Maria agus tá mac amháin acu, Neville.