Skip to main content

Rialú Aerthráchta

Túr Tráchta Rialú Aeir an Aerchóir

Is í an bhunfheidhm atá ag an Rialú Aerthráchta Míleata, seirbhís Aerthráchta a chur ar fáil san aerspás míleata ionas go mbeidh píolótaí míleata in ann a gcuid eitiltí a dhéanamh go sciobtha sábháilte, agus go mbeidh saoirse oirbheartaíochta acu freisin i ngach sórt aimsire. Chun an tseirbhís chuimsitheach sin uile a chur i gcrích, is amhlaidh a thraiseolann na Rialaitheoirí Aerthráchta treoracha go dtí na píolótaí i bhfoirm ‘scóip rialaithe aerthráchta’ agus soláthraíonn siad faisnéis eitilte riachtanach agus cúnamh loingseoireachta.

Anuas air sin is faoi na rialaitheoirí aerthráchta a bhíonn sé ‘Seirbhís Airdill agus Éigeandála’ a chur ar fáil, agus ‘Cuardach agus Tarrtháil’(SAR) a thionscnamh i gcás aerárthaí a mbeadh cúnamh de dhíth orthu. Cuirtear Seirbhís Aerthráchta a fheileann dá gcuid riachtanas ar fáil freisin d’aerárthaí sibhialtacha atá ag oibriú laistigh den aerspás míleata nó ag taisteal tríd.

Líon áirithe rialaitheoirí a chuireann an tseirbhís ar fáil agus iad ag feidhmiú as éagsúlacht suíomhanna rialaithe comhshuite idirspleácha, a dtugtar ‘Faire Rialú Aerthráchta’ orthu mar ghrúpa. Is iad seo a leanas na gnáthshuíomhanna rialaithe i bhFaire na Rialú Aerthráchta.

Maor Faire an Rialú Aerthráchta

Is é Maor Faire an Rialú Aerthráchta a bhíonn freagrach as bainistiú agus as comhordú Faire an Rialú Aerthráchta ar bhonn laethúil. Oifigeach Rialaithe Aerthráchta a bhfuil taithí aige ar na suíomhanna rialaithe uile is ea Maor Faire an Rialú Aerthráchta. Comhordaíonn Maor Faire an Rialú Aerthráchta na riachtanais mhíleata agus na haonaid Rialaithe Aerthráchta shibhialtacha freisin, ar bhonn náisiúnta.

Rialaitheoir Aeradróim

Is é an Rialaitheoir Aeradróim atá freagrach as aerárthaí a rialú atá ag oibriú ar aerpháirc nó i ngar d'aerpháirc. íirítear ansin, aerárthaí atá ag innill, ag tuirlingt, ag imeacht, ag oibriú go logánta nó ag taisteal trí gharchomharsanacht na haerpháirce.

Rialaitheoir Radair Ascnaimh

Is iad na Rialaitheoirí Radair Ascnaimh an chuid den fhoireann nach mbíonn le feiceáil, ní hionann agus a gcomhleacaithe sa Túr. Oibríonn siad as Ionaid Radair atá suite laistíos de leibhéal an Túir féin nó in Ionad Radair Aerfort Bhaile ítha Cliath. Faoin Rialaitheoir Radair a bhíonn sé, bunaithe ar na breathnuithe radair, Seirbhís Aerthráchta a chur ar fáil d’aerárthaí atá ag oibriú sa mhór-aerspás míleata. Glactar leis go síneann an mór-aerspás míleata ó Bhaile Dhónaill go dtí lár na tíre, agus in airde — níl uasteorainn luaite.

Déantar traenáil Sheirbhís Aerthráchta an Aerchóir de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta ESARR. Tá an siollabas ag teacht leis an gCroí-Inneachar Comónta Eorpach, siollabas a ceapadh chun traenáil Rialaitheoirí Aerthráchta ar fud na hEorpa a chomhchuibhiú agus a chaighdeánú.

Rialaitheoir Aeradróim

Is é an Rialaitheoir Aeradróim atá freagrach as aerárthaí a rialú atá ag oibriú ar aerpháirc nó i ngar d'aerpháirc. íirítear ansin, aerárthaí atá ag innill, ag tuirlingt, ag imeacht, ag oibriú go logánta nó ag taisteal trí gharchomharsanacht na haerpháirce.