Seacht n aerárthach Pilatus PC-9M atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaí sin i mbun seirbhíse sa bhliain 2004 agus is iad na príomhaerárthaí traenála iad do phíolótaí an Aerchóir.
Tá pacáiste cuimsitheach eitleonaice lán tandam-acmhainneach VFR/IFR feistithe ar an PC-9M do chúrsai aerloingsoireachta, cumarsáide agus sainaithinte, agus trealamh úrscothach in úsáid. Eitleonaic nua-aimseartha atá sa PC-9M, lena n-áirítear Scáileán Os Do Chomhair (HUD) agus Córas Ionstraimíochta Eitilte Leictreonach (EFIS) ar a dtaispeántar ionstraimí príomha. Tá suíochán teilgin Martin-Baker CG-A suiteáilte sa PC-9M, suíochán a ligeann do phíolótaí éalú go sábháilte ó leibhéal na farraige go dtí a shíleáil oibríochta ag aerluas ar bith os cionn 65 cnota.
Rólanna
- Traenáil Phíolótaí ab initio
- Ardtraenáil Phíolótaí
- Traenáil Teagascóirí Píolóta
- Dlúth-Aerthacaíocht
| Staitisticí Pilatus PC-9M |
|---|
| Cineál Aerárthaigh | Pilatus PC-9M |
|---|
| Ról(anna) | Traenáil Phíolótaí Ab Initio & Ardtraenáil Phíolótaí, Traenáil Teagascóirí Píolóta, agus Dlúth-Aerthacaíocht |
|---|
| Criú | 1 Píolóta & 1 Dalta |
|---|
| Córas Tiomána | 1 x inneall turba-liáin Pratt & Whitney PT6A-62 |
|---|
| Réise Sciathán | 10.19 méadar (33 troigh, 5 orlach) |
|---|
| Airde | 3.25 méadar (10 dtroigh, 8 orlach) |
|---|
| Fad | 10.16 méadar (33 troigh, 4 orlach) |
|---|
| Armáil | 2 x Faighneog Roicéad — Ina gcoinnítear x 2.75” (70mm) Aer-roicéid Eite-fhillteach ‘FN LAU 7’ 2 x .5” FN HMG — Crios 250 urchar ar gach gunna |
|---|
| Chuaigh i mbun Seirbhíse | 2004 |
|---|
| Feidhmíocht Pilatus PC-9M |
|---|
| Uas T/O Meáchan | 3,200 cileagram (7,050 punt) |
|---|
| Síleáil Seirbhíse | 25,000 troigh |
|---|
| Luas Cúrsála | 275 cnota |
|---|
| Uasluas | 320 cnota |
|---|
| Seasmhacht | 4 uair, 30 nóiméad |
|---|
| Raon | 850 Muirmhíle |
|---|