Learjet 45 amháin atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh an t-aerárthach sin i mbun seirbhíse sa bhliain 2004 agus oibrÁonn sé seacht lá na seachtaine, in Aeriompar Airí Rialtais de ghnáth.
Anuas ar a ról iompair, is minic a chuireann an Learjet 45 seirbhís aistrithe othar ar fáil, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, i gcomhar leis an Roinn Sláinte. Is féidir an t-aerthárthach a athchóiriú chuige sin taobh istigh d’uair an chloig — baintear suíocháin amach as ionas gur féidir córas sínteán Lifeport lán-neamhspleách a shuiteáil sa chábán.
Aistrítear paisinéirí caol díreach ó otharcharr isteach san aerárthach leis an gcóras sin, agus tá rampa ualaithe ann a bhfuil modhnú speisialta déanta air. Agus cuireann an córas sínteán Lifeport foinse lán-neamhspleách leictreach, ocsaigine, folúis agus aeir ar fáil don phearsanra míochaine ar bord an aerárthaigh fad a bhíonn othar á aistriú. Is córas é a dearadh chun paisinéirí a iompar a mbeadh ardtacaíocht beatha de dhíth orthu.
Rólanna
- Iompar an Uachtaráin agus Airí Rialtais
- Iompar Daoine Mór le Rá & Iompar Míleata
- Aerárthach Othar
Staitistici Learjet 45 |
---|
Cineál Aerárthaigh | Bombardier Learjet 45 |
---|
Ról(anna) | Iompar an Uachtaráin, Airí, Pearsanra Míleata agus Daoine mór le rá & Aerárthach Othar |
---|
Criú | 2 Píolóta, 1 Freastalaí Eitilte agus suas le 7 Paisinéir |
---|
Córas Tiomána | 2 x turba-fean Honeywell TFE731-20AR-1B |
---|
Réise Sciathán | 14.58 méadar (47 troigh, 10 orlach) |
---|
Airde | 4.29 méadar (14 troigh, 1 orlach) |
---|
Fad | 17.81 méadar (58 troigh, 5 orlach) |
---|
Armáil | Neamhbhainteach |
---|
Chuaigh i mbun Seirbhíse | 2004 |
---|
Feidhmíocht Learjet 45 |
---|
Uas T/O Meáchan | 9,762 cileagram (21,500 punt) |
---|
Síleáil Seirbhíse | 51,000 troigh |
---|
Luas Cúrsála | Mach 0.78 |
---|
Uasluas | Mach 0.81 |
---|
Seasmhacht | 4 uair 30 nóiméad (Móide Cúltaca) |
---|
Raon | 2,000 muirmhíle |
---|