EUROCOPTER EC135 T2
Dhá aerárthach EC135 T2 atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair, i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Chuaigh an chéad aerárthach i mbun seirbhíse sa bhliain 2003 agus oibríonn an dá cheann seacht lá na seachtaine ina ról Aerthacaíochta don Gharda Síochána.
Is faoin Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí atá an rialú oibriúcháin i gcás na n-aerárthaí, ach is é an tAerchór a sholáthraíonn na píolótaí d’Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána chun na haerárthaí a eitilt.
Rólanna
- Aerthacaíocht an Gharda Síochána
Staitisticí EC135 T2 |
---|
Cineál Aerárthaigh | Eurocopter EC 135 T2 |
---|
Ról(anna) | Aerthacaíocht an Gharda Siochána |
---|
Criú | 1 Píolóta agus 2 Garda Síochána |
---|
Córas Tiomána | 2 x turba-seafta Turbomeca Arrius 2B2 |
---|
Trastomhas Rótair | 10.2 méadar (33 troigh, 6 orlach) |
---|
Airde | 3.51 méadar (10 dtroigh, 9 orlach) |
---|
Fad | 12.16 méadar (39 troigh, 11 orlach) |
---|
Armáil | Neamhbhainteach |
---|
Chuaigh i mbun Seirbhíse | 2003 |
---|
Feidhmíocht EC135 T2 |
---|
Uas T/O Meáchan | 2,835 cileagram (6,245 punt) |
---|
Síleáil Seirbhíse | 20,000 troigh |
---|
Luas Cúrsála | 120 cnota |
---|
Uasluas | 150 cnota |
---|
Seasmhacht | Ag brath ar an misean |
---|
Raon | Ag brath ar an misean |
---|