Skip to main content

Leas-Cheann Foirne, Tacaíocht

Irish

Is é an Maor-Ghinearál Adrian Ó Murchú Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) Óglaigh na hÉireann le héifeacht ón 29 Meán Fómhair 2021, i ndiaidh don Rialtas é a cheapadh. Tá sé freagrach sa ról seo as feidhmeanna tacaíochta seirbhíse comhraic i leith pearsanra, lóistíochta, bonneagair, airgeadais, dlí, leighis agus as feidhmeanna tacaíochta seirbhíse comhraic eile d'Óglaigh na hÉireann sa bhaile agus thar sáile.   

Chuaigh an Ginearál Ó Murchú isteach sna Buan-Óglaigh in 1982 ina chomhalta den 59ú Rang Daltaí. Roimhe sin chaith sé roinnt blianta i bhFórsa Cúltaca an Airm (22ú Cathlán Coisithe FCA) ina bhaile dúchais Inis. Ar choimisiúnú dó, rinne se seirbhís go luath sa 6ú Cathlán Coisithe, i Sciathán Fiannóglach an Airm, sa bhFaisnéis Mhíleata agus sa Scoil Coisithe. Áirítear ar na ceapacháin ina dhiaidh sin Leas-Cheannasaí an 5ú Cathlán Coisithe, Príomhtheagascóir i Scoil na nDaltaí, Ceannfort Scoile ar Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe in Éirinn agus Oifigeach Ceannais ar Aonad Lárnach Liachta Óglaigh na hÉireann. Le blianta beaga anuas rinne sé seirbhís ina Stiúrthóir ar Phleanáil Straitéise (D SPB), ina Oifigeach Sinsearach Foirne don Cheann Foirne. Ceapadh ina Cheann Foirne Cúnta (ACOS) é le déanaí agus ina Bhainisteoir Riosca d'Óglaigh na hÉireann, a raibh freagracht aige as Cosaint Fórsa agus Leanúnachas Gnó le linn phaindéim COVID-19. Threoraigh sé tionscnamh 'Luachanna i mBun Gnímh' Óglaigh na hÉireann ina Stiúrthóir ar Phleanáil Straitéise agus ina Cheann Foirne Cúnta dó, clár atá leagtha amach chun a chinntiú go bhfuil luachanna maíte Óglaigh na hÉireann soiléir, curtha in iúl agus follasach agus go leirítear iad in iompar gach céim ar fud na heagraíochta ó lá go lá.   

Áirítear ar thaithí an Ghinearáil Ó Murchú thar lear sealanna dualgais leis na Náisiúin Aontaithe i UNIFIL (Deisceart na Liobáine), UNOSOM II (An tSomáil), MINURSO (An Sahára Thiar), UNTSO (Iosrael agus an tSiria) agus ONUCI (An Cósta Eabhair). Imscaradh faoi dhó é leis an AE - ina Phríomhanailísí Faisnéise le Ceanncheathrú EUFOR Tchad/RCA in Oirthear Shead agus chaith sé dhá bhliain le gairid sa Bhruiséil ina Chúntóir Míleata ag Cathaoirleach Choiste Mhíleata an AE. Sa ról seo rinne sé ionadaíocht ar Chathaoirleach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála, ag obair le hambasadóirí ballstát agus le hoifigí sinsearacha AE ar ghnéithe slándála agus cosanta bheartas eachtrach an AE. 

Tá céim onóracha aige i litríocht na Fraincise agus an Bhéarla ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is céimí é (le Gradam) de chuid École de Guerre i bPáras agus tá Máistreacht aige (le hArdghradam) in Idirchaidreamh agus Cumarsáid Idirnáisiúnta ó Ollscoil Westminster. Chríochnaigh sé Dioplóma Feidhmeannach i bhForbairt Straitéise agus Nuálaíochta (le hArdghradam) i Scoil Ghnó Michael Smurfit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 2018. Tá cáilíocht ateangaire ó NATO aige i bhFraincis agus tá an-spéis aige sa Ghaeilge agus i gceol. Tá cáilíochtaí éagsúla teagascóra aige ina thiománaí agus ina pharaisiútaí (san arm agus i spórt) agus is é Uachtarán Paraisiútála Óglaigh na hÉireann é. 

Tá an Ginearál Ó Murchú pósta le Deirdre Kennedy, léachtóir tríú leibhéal, agus tá mac agus iníon acu, Oisín agus Síofra.