Skip to main content

Ceann Foirne Cúnta

ACOS-Irish

Is oifigeach gairmiúil cumarsáide é an Briogáidire-Ghinearál Rossa Mulcahy a bhfuil breis is 35 bliain taithí aige i róil éagsúla ar fud Óglaigh na hÉireann chomh maith le tréimhsí imscartha leis na Náisiúin Aontaithe agus le NATO.

Ghlac an Briogáidire-Ghinearál Rossa le ceapachán ina Cheann Foirne Cúnta i Meán Fómhair 2021 agus tá freagracht aige as réimse saincheisteanna ag leibhéal eagraíochtúil lena n-áirítear; Bunathrú Eagraíochta, Forbairt Cumais, Nuálaíocht, Bainistiú Riosca, Rialachas Corparáideach agus Caidreamh Tionsclaíoch. 

D’fhóin an Briogáidire-Ghinearál Mulcahy roimhe sin ina Stiúrthóir ar Chraobh na Pleanála Straitéise ó mhí Feabhra 2020 agus bhí freagracht aige as Forbairt Straitéiseach, Cur Chun Feidhme Clár um Beartas Cosanta, Pleananna Bliantúla Óglaigh na hÉireann agus Beartas Idirnáisiúnta Cosanta agus Slándála a chomhordú. Ón mbliain 2019 bhí sé ina Stiúrthóir Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais agus bhí an chibearshlándáil mar cheann dá chuid réimsí freagrachta. D’fhóin an Briogáidire-Ghinearál Mulcahy i ngach ceann d’Aonaid CIS san Arm; bhí ceapacháin aige sa Scoil Chomhcheannais agus Foirne agus ina Leifteanant-Choirnéal i Rannóg Chreat Faisnéise Bainistíochta Óglaigh na hÉireann. 

I measc cháilíochtaí Rossa tá Baitsiléir Tráchtála ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ard-Dioplóma sa Teicneolaíocht Faisnéise ó Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, Baitsiléir Eolaíochta sa Bhainistíocht Córais Faisnéise ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Máistir Ealaíon sa Bhainistíocht Ceannaireachta agus sa Staidéar Cosanta ó Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad agus ar an gcáilíocht is déanaí a bhain sé amach tá Dioplóma Gairmiúil sa Straitéis Forbartha agus Nuálaíocht ó Scoil Gnó Smurfit, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is céimí de chuid Chúrsa Ceannais & Foirne Sinsearaí Óglaigh na hÉireann (2008) agus de chuid Choláiste Ceannais agus Foirne na SA (2011) é.

Áirítear ar a thaithí thar lear:

  • Trí (3) imscaradh chun na Liobáine le UNIFIL
  • Dhá (2) bhliain arna imscaradh chun na Siria agus chun na Liobáine le UNTSO
  • Arna imscaradh ina Cheannasaí Sinsearach Náisiúnta agus ina Leascheannasaí Náisiúnta na hÉireann ar an gCraobh um Rannpháirtíocht le Príomhcheannairí (KLE) ag Misean Tacaíochta Diongbháilte NATO sa Chabúl, Afganastáin

Tá Rossa pósta le Lorna agus tá beirt iníon acu, Caoimhe agus Laoise, iad beirt mbun a gcuid oideachais tríú leibhéal.