Forbairt Ghairmiúil Pháirtaimseartha trí Óglaigh na hÉireann
Is i mbun traenála go príomha a bhíonn Fórsa Cúltaca an Airm. D'fhéadfadh traenáil le hÓglaigh na hÉireann cur le d'fhorbairt ghairmiúil i gcomhar leis an oideachas nó an fhostaíocht ina bhfuil tú. Bíonn deiseanna ann go minic páirt a ghlacadh i dtraenáil nó tabhairt faoi chleachtadh chun róil agus freagrachtaí bainistíochta agus ceannaireachta a chur i gcrích ag leibhéil agus ag scálaí éagsúla.
Tá sampla thíos de na cúrsaí ar féidir le Cúltacairí tabhairt fúthu:
Buntraenáil
I ndiaidh fianú a chur i gcrích, tugann earcaigh faoi shiollabas traenála trína fhéachtar le croíscileanna a fhorbairt in obair bhuíne, féinsmacht agus ceannaireacht. Cáileoidh iarrthóirí ina Saighdiúirí Singil 2 Réalta ar an gcúrsa a chríochnú.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Máirseáil | Obair Bhuíne Shioncronaithe |
Scil Raidhfil na nArm | Scileanna Mínluaileacha a Fhorbairt |
Navigation | Féintuilleamaí, líníochtaí a athbhreithniú, tuiscint ar léiriú grafach agus mar a bhaineann siad leis an tír-raon. |
Loingseoireacht | Ag obair mar chuid d'fhoireann bheag (9 nduine) faoi threoir i dtimpeallachtaí fuinniúla ardluais. |
Traenáil 2 go 3 Réalta
Chun cáilíocht a bhaint amach ag an leibhéal 3 Réalta, beidh ar Shaighdiúirí Singil tabhairt faoi thraenáil leanúnach ina n-áirítear na scileanna seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Meaisínghunna Ilfheidhmeach | Uirlisí Meicniúla a Oibriú agus a Chothabháil |
Garchabhair Comhraic | Garchabhair ag an Obair |
Oirbheartaíocht ag Leibhéal Gasra | Obair Bhuíne Mheánmhéide (30 duine) i dtimpeallacht oibríochta ardluais. |
Traenáil san Ord Poiblí | Teacht aniar agus oibriú faoi strus |
Ábhar Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe
Is é an cúrsa d'Ábhair Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe an chéad chéim ar dhréimire gairme Óglaigh na hÉireann de ghnáth, agus tá sé leagtha amach chun bunphrionsabail na ceannaireachta a theagasc.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
An Modh Teagaisc | Scileanna cuir i láthair - seachadadh, struchtúr, leagan amach |
Ceannas Oirbheartaíochta a ghlacadh ar Ghasra | A bheith i gceannas ar suas le 8 nduine agus iad a bhainistiú, freagracht a ghlacadh as leas, traenáil agus forbairt foirne. |
Misin a Phleanáil | Daoine agus lóistíochtaí a phleanáil agus a ullmhú sula ndéantar tascanna a chur i gcrích go neamhspleách. |
Orduithe a fháil agus a chur in iúl | Rún duine níos sinsearaí a thuiscint, tascanna faoi seach a asbhaint agus a chur le chéile i gcomhair achoimre saincheaptha do d'fhoireann féin. |
Gnáth-Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe
Chun leanúint ar aghaidh ó Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe Sóisearach go dtí Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe Sinsearach, ullmhóidh an cúrsa seo tú don mheánbhainistíocht.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Buíon a Bhainistiú | Freagracht a ghlacadh as leas, traenáil agus forbairt ~30 duine |
Pleanáil Lóistíochta | Rún duine níos sinsearaí a thuiscint agus ábhar a fháil agus a iarraidh do na tascanna atá leagtha amach go neamhspleách. |
Bainistíocht Stórais | Cuntas a thabhairt i leith ábhar corparáideach a bhogadh agus stóras |
Traenáil agus Meantóireacht | Saineolaí ábhair i ndisciplíní atá leagtha amach agus comhordaitheoir traenála |
Ábhar Oifigigh Coimisiúnaithe
Is í an chéad chéim ar dhréimire fheidhmiúcháin Óglaigh na hÉireann é a bheith i d'Oifigeach Coimisiúnaithe. Tugtar deis duit sa chúrsa seo dul i mbun traenála sa scoil ceannaireachta is fearr in Éirinn.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Ceannaire Buíne | A bheith i gceannas ar ~30 duine le linn oibríochtaí ardluais |
Misin a Phleanáil agus a Chur i gCrích | Rún duine níos sinsearaí a thuiscint, pleananna mionsonraithe a fhorbairt agus a ullmhú agus iad a chur in iúl don fhoireann/do na foirne. |
Clár Traenála a Bhainistiú | Scileanna na foirne a chothú, cuspóirí traenála agus nithe insoláthartha a leagan amach. |
Treoir a Fháil agus a Thabhairt | Éisteacht ghníomhach, óráidíocht phoiblí, scileanna cuir i láthair. |
Taiscéalaíocht Bhunúsach
Bunaítear pleanáil mhíleata ar fhaisnéis agus déantar faisnéis a bhailiú i bpáirt trí thaiscéalaíocht. Tabhair faoi dhúshlán agus cuir le do chuid scileanna coisithe leis an gcúrsa seo.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Loingseoireacht Ardleibhéil | Léamh léarscáileanna, pleanáil bhealaigh, treoshuíomh |
Oirbheartaíocht d'Fhoirne Beaga | Ag obair go dlúth le 4-5 duine chun comhsprioc a bhaint amach |
Fulangacht Fhisiciúil | Aclaíocht Fhisiciúil agus teacht aniar meabhrach |
Breathnóireacht agus Tuairisciú | Gníomhaíochtaí agus tuairiscí teicniúla a thógáil isteach, a thabhairt chun cuimhne agus a thuairisciú lena n-úsáid ag an bhfeidhmeannas. |
Cúrsa Tiomána (4x4 + leantóir)
Déan forbairt ar do scileanna tiomána agus cuir tuilleadh catagóirí le do cheadúnas tiomána trí Óglaigh na hÉireann.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Iniúchadh Feithiclí Céadlíne | Feasacht ar shábháilteacht mheicniúil |
Sábháilteacht Lastais agus Paisinéara | Freagrach as beatha daoine agus maoin faoi bhealach |
Tiomáint Ilraoin | Modhanna oibrithe meaisín a chur in oiriúint don timpeallacht |
Riarachán | Loga a choinneáil, tuairisciú agus páipéarachas a phróiseáil |
Comharthóir Reisiminte
Tá cumarsáid ríthábhachtach chun oibríochtaí míleata a nascadh le chéile. Foghlaim mar is féidir cumarsáid a bhunú agus a chothabháil i dtimpeallacht naimhdeach.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Córais líonra raidió comhraic a úsáid | Trealamh teileachumarsáide a oibriú agus a chothabháil. |
Gnáthamh gutha | Scileanna cumarsáide éifeachtacha agus éifeachtúla bunaithe ar nósanna imeachta |
Rialaitheoir líonra | Bainistiú a dhéanamh ar acmhainní iargúlta páirce, nósanna imeachta géaraithe, gnáthriarachán agus tuairisciú. |
Cogaíocht Leictreonach | Athruithe i dtimpeallacht oibre achrannach a thuiscint agus dul in oiriúint dóibh. Fadhbanna teicniúla a réiteach |
Ceannaire Corpoiliúna
Déan ceannaireacht ar thrúpaí, tabhair chun cinn iad agus tabhair spreagadh dóibh mar Cheannaire Corpoiliúna. Cibé más ag tógáil meáchan san ionad traenála nó ag crochadh lomán ar an trá é, foghlaimeoidh tú faoi mar is féidir leat barr do chumais agus barr cumais daoine eile a thabhairt chun cinn.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Leas trúpaí | Cumas an ranga a mheas agus an ceacht a chur in oiriúint chun leasa gach dalta |
Cláir Chorpacmhainne | Cláir thraenála shaincheaptha a ullmhú do ghrúpaí agus do dhaoine aonair bunaithe ar na riachtanais atá leagtha amach ina leith nó i leith na complachta |
Traenáil a Dhéanamh go Sábháilte | Measúnuithe riosca, maolú riosca a dhéanamh ag cloí leis an dea-chleachtas sábháilteachta. |
Ceachtanna a Phleanáil agus a Chur ar Fáil | Bainistíocht ama, cur i láthair a dhéanamh de réir na formáide atá leagtha amach, leibhéil incriminteacha de thraenáil a chur ar fáil. |
Sainchúrsa Teagascóra
Oiliúint don oiliúnóir, tríd an gcúrsa seo déantar an bealach ina gcuirtear teagasc ar fáil a chomhchuibhiú ar fud Óglaigh na hÉireann agus de réir an dea-chleachtais.
Scileanna Míleata | Scileanna Inaistrithe |
Meantóireacht agus Cóitseáil | Caidreamh a fhorbairt atá bunaithe ar mhuinín trína gcuirtear forbairt ghairmiúil agus phearsanta chun cinn. |
Foghlaim a Mhaoirsiú | Modheolaíochtaí san Fhoghlaim Aosach, anailís agus aiseolas ar fheidhmíocht |
An Modh Teagaisc | Scileanna cuir i láthair - seachadadh, struchtúr, leagan amach |
Measúnú agus Rialú Caighdeáin | Meadaracht inchainníochtaithe a shainmhíniú maidir le rath agus tacú le spriocanna atá leagtha amach a bhaint amach. |