Róil Fhórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh
Is é an príomhról a chinn an Rialtas i leith Fhórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh (NSR) ná cur le Buan-Óglaigh na hÉireann i gcásanna géarchéime.
Nuair nach bhfuil cás géarchéime ann, dírítear go príomha ar dhul i mbun traenála mar ullmhúchán don ról seo. D'fhéadfadh go n-éileofaí ar an NSR tabhairt faoi chineálacha éagsúla tascanna le linn cásanna géarchéime. D'fhéadfaí a áireamh orthu sin:
- Gnáthoibreacha míleata chun an Stát a chosaint
- Tacú le Cúnamh d'Údarás Sibhialta (ATCA)
- Tacú le Cúnamh do Chumhacht Shibhialta (ATCP), lena n-áirítear tascanna slándála calaidh
- Slándáil dún nó tacaíochtaí eile chun comhaltaí an PDF a scaoileadh do dhualgas oibríochta
- Páirt a ghlacadh in imeachtaí searmanais stáit
Sanntar tascanna ar an NSR chun tacú le hÓglaigh na hÉireann na róil sin a chomhlíonadh. Áirítear orthu sin:
- An tSeirbhís Chabhlaigh a mhéadú
- An tSeirbhís Chabhlaigh a neartú ar phatróil Oibríochta Slándála Cosanta Muirí
- Oibriú i bpatróil chalaidh NSR ina Limistéar Oibríochta
- Tacaíocht lóistíochta a thabhairt don PDF
- Tionlacan armtha a chur ar fáil
- Foireann a bheith i bPoist Mhíleata le linn tréimhsí imscartha na mBuan-Óglach
- Dualgais Searmanais ag imeachtaí náisiúnta agus áitiúla.