Ráiteas Príobháideachais
Ráiteas Ginearálta
Urramaíonn Óglaigh na hÉireann go hiomlán do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileoidh siad aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh Gréasáin seo.
Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta
Ní bhailíonn Óglaigh na hÉireann aon sonraí pearsanta fút ar an suíomh Gréasáin seo.
Bailiú agus úsáid faisnéise teicniúla
Déanann ár soláthraí seirbhíse idirlín sonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna ar an suíomh Gréasáin seo a logáil chun críocha staitistiúla. Ní bhailítear aon fhaisnéis a d'fhéadfadh muid a úsáid chun cuairteoirí an tsuímh Ghréasáin a aithint. Tá na sonraí teicniúla a logáiltear teoranta do na míreanna seo a leanas:
- Seoladh IP fhreastalaí gréasáin an chuairteora
- An t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
- Sonraí srutha cliceáil a thaispeánann trácht na gcuairteoirí timpeall an tsuímh ghréasáin seo (mar shampla leathanaigh a ndearnadh rochtain orthu agus doiciméid a íoslódáladh)
- An cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann cuairteoir an tsuímh ghréasáin
- Leagan an chórais oibriúcháin a úsáideann an cuairteoir
Ní dhéanfaidh Óglaigh na hÉireann aon iarracht cuairteoirí aonair a aithint, ná na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas a cheangal le haon duine aonair. Is é beartas Óglaigh na hÉireann gan faisnéis theicniúil den sórt sin a nochtadh i leith cuairteoirí aonair ar an suíomh Gréasáin d'aon tríú páirtí (seachas ár soláthraí seirbhíse idirlín, a thaifeadann sonraí den sórt sin ar ár son agus atá faoi cheangal ag forálacha rúndachta ina leith seo), mura bhfuil oibleagáid orthu an fhaisnéis sin a nochtadh de réir riail dlí. Ní úsáidfidh ach an Roinn seo an fhaisnéis theicniúil, agus chun críocha staitistiúla agus riaracháin eile amháin. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara nach "sonraí pearsanta" iad sonraí teicniúla, nach féidir linn a cheangal le haon duine inaitheanta, faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).
Fianáin
Is comhaid bheaga téacs iad fianáin a íoslódáiltear chuig do ríomhaire nó do ghléas soghluaiste nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár. Seolann do bhrabhsálaí gréasáin (mar shampla Internet Explorer, Mozilla Firefox nó Google Chrome) na fianáin seo ar ais chuig an suíomh gréasáin nó an feidhmchlár ar gach cuairt ina dhiaidh sin ionas gur féidir leo tú a aithint agus rudaí cosúil le roghanna úsáideora a mheabhrú.
Trí leanúint ar aghaidh ag úsáid ár suíomh gréasáin gan na socruithe a athrú, aontaíonn tú lenár n-úsáid fianán.
Cineálacha fianán a úsáidimid agus cén fáth:
|
Ainm Fianán |
Am Éaga Réamhshocraithe |
Cur síos |
|---|---|---|
| WSELB |
Seisiún |
Úsáidtear é chun tráchta chuig an suíomh Gréasáin a dháileadh ar roinnt freastalaithe d’fhonn amanna freagartha a bharrfheabhsú. |
| fe_typo_user |
Seisiún |
Coinníonn sé stáit úsáideoirí ar fud iarratais leathanaigh |
Úsáid Google Analytics
Úsáideann an suíomh Gréasáin seo Google Analytics, seirbhís anailíse gréasáin arna soláthar ag Google, Inc. ("Google"). Úsáideann Google Analytics "fianáin", ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire, chun cabhrú leis an suíomh Gréasáin anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh. Déanfar an fhaisnéis a ghineann an fianán faoi d'úsáid den suíomh Gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig Google agus a stóráil ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo chun d'úsáid den suíomh Gréasáin a mheas, tuarascálacha a thiomsú ar ghníomhaíocht shuíomh Gréasáin d'oibreoirí suíomhanna Gréasáin agus seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíocht shuíomh Gréasáin agus úsáid idirlín a sholáthar. Féadfaidh Google an fhaisnéis seo a aistriú chuig tríú páirtithe freisin nuair is gá déanamh amhlaidh de réir dlí, nó i gcás ina bpróiseálann tríú páirtithe den sórt sin an fhaisnéis thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá i seilbh Google. Féadfaidh tú diúltú d'úsáid fianán trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara le do thoil, má dhéanann tú é seo, nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an tsuímh Ghréasáin seo a úsáid. Trí úsáid a bhaint as an suíomh Gréasáin seo, toilíonn tú le Google sonraí fút a phróiseáil ar an mbealach agus chun na gcríoch atá leagtha amach thuas.
Seo a leanas na fianáin a úsáideann Google Analytics:
|
Ainm Fianán |
Am Éaga Réamhshocraithe |
Cur síos |
|---|---|---|
| _utma |
2 bhliain ó shocrú/nuashonrú |
Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí agus seisiúin. Cruthaítear an fianán nuair a fhorghníomhaítear an leabharlann JavaScript agus nach bhfuil aon fhianáin __utma ann cheana féin. Nuashonraítear an fianán gach uair a sheoltar sonraí chuig Google Analytics. |
| _utmt |
10 Nóiméad |
Úsáidte chun ráta iarratais a laghdú |
| _utmb |
30 nóiméad ón socrú/nuashonrú |
Úsáidtear é chun seisiúin/cuairteanna nua a chinneadh. Cruthaítear an fianán nuair a fhorghníomhaítear an leabharlann javascript agus nach bhfuil aon fhianáin __utmb ann cheana féin. Nuashonraítear an fianán gach uair a sheoltar sonraí chuig Google Analytics. |
| _utmc |
Deireadh Brabhsálaí |
Ní úsáidtear i ga.js. Socraithe le haghaidh idir-inoibritheachta le urchin.js. Go stairiúil, d'oibrigh an fianán seo i gcomhar leis an bhfianán __utmb chun a chinneadh an raibh an t-úsáideoir i seisiún/cuairt nua. |
| _utmz | 6 mhí ón socrú/nuashonrú |
Stórálann sé an fhoinse tráchta nó an feachtas a mhíníonn conas a shroich an t-úsáideoir do shuíomh. Cruthaítear an fianán nuair a fhorghníomhaítear an leabharlann javascript agus déantar é a nuashonrú gach uair a sheoltar sonraí chuig Google Analytics. |
| _utmv |
2 bhliain ó shocrú/nuashonrú |
Úsáidtear é chun sonraí athróg saincheaptha ar leibhéal an chuairteora a stóráil. Cruthaítear an fianán seo nuair a úsáideann forbróir an modh _setCustomVar le hathróg saincheaptha ar leibhéal an chuairteora. Baineadh úsáid as an bhfianán seo freisin don mhodh _setVar atá imithe i léig. Nuashonraítear an fianán gach uair a sheoltar sonraí chuig Google Analytics. |
Cliceáil chun forbhreathnú a fheiceáil ar an Polasaí Príobháideachta ag Google
Bainistiú fianán i do bhrabhsálaí
Ligfidh formhór na mbrabhsálaithe duit a fheiceáil cé na fianáin atá agat agus iad a scriosadh ar bhonn aonair, fianáin tríú páirtí a bhac, fianáin ó shuíomhanna áirithe a bhac, gach fianán a bhac ó bheith socraithe agus gach fianán a scriosadh nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí. Chun a fháil amach conas fianáin a bhac, féach ar an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara, le do thoil, má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do shocruithe, go mb’fhéidir nach n-oibreoidh roinnt gnéithe i gceart. Ba chóir duit a bheith ar an eolas go gcaillfear aon roghanna má scriosann tú fianáin.
De réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha ag Rialaitheoir Sonraí ainmnithe Óglaigh na hÉireann do na Fórsaí Cosanta.
Is oifigeach foirne ag an Stiúrthóireacht um Bainistíocht Acmhainní Daonna (DJ1), Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann, é an tOifigeach Cosanta Sonraí d'Óglaigh na hÉireann.
Más mian leat aon cheist a ardú maidir le www.military.ie, nó aon fhaisnéis bhreise a lorg maidir le nithe a ardaíodh san fhógra seo, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ag:
Seoladh Poist:
Data Protection Officer Defence Forces,
DJ1, Defence Forces Headquarters,
Station Road,
Newbridge,
Co.Kildare.
Telephone: +00353 (0)45 49 25 72