Sonraí maidir le cúrsaí Áisiúlachta
Tá Óglaigh na hÉireann dúthrachtach maidir le heolas agus seirbhísí a chur ar fáil atá áisiúil don uile dhuine. Tá an láithreán gréasáin seo leagtha amach de réir Threoirlínte W3C WAI faoi íisiúlacht íbhair Gréasáin agus sásaítear an chuid is mó de phríomhphointí seiceála 1 agus 2. Leagtar amach thíos liosta de na ceisteanna atá fós le réiteach.
Tugadh dearadh ar an láithreán de réir phríomhphointí treoirlínte 1 agus 2 de Threoirlínte W3C maidir le híisiúlacht íbhair Gréasáin agus Treoirlínte ó íšdarás Náisiúnta Míchumais na hÉireann maidir le háisiúlacht gréasáin. Mar shampla, úsáidtear bileoga stíle cascáideacha don leagan amach. Cinntítear ar an gcaoi sin go dtugtar an t-ábhar ar aon líne agus is fearr dá réir sin a bhreathnú ar réimse leathan brabhsálaithe agus deiseanna úsáide eile.
Leagtar amach na leathanaigh ionas go mbíonn bailíocht leo mar DTD HTML 4.01 Transitional. Tá roinnt earráidí bailíochtúcháin i gceist go fóill ach tá an obair ar siúl chun sin a chur ina cheart.
An leibhéal áisiúlachta a choinneáil
Tá Óglaigh na hÉireann dúthrachtach maidir le leibhéal áisiúlachta an láithreáin ghréasáin seo a choinneáil agus le monatóireacht a dhéanamh air. Le do thoil, cuir in iúl dúinn má thagann tú trasna ar aon fhadhbanna. Is féidir teachtaireacht ríomhphoist a chur chuig an stiúrthóir gréasáin.
An cnaipe táibe a úsáid chun léim idir naisc
Tá an láithreán leagtha amach ionas gur féidir an cnaipe táibe ar an méarchlár a úsáid chun léim ó nasc go nasc. Tá an nascleanúint agus na roghchláir ar fad leagtha amach in ord loighciúil ionas gur féidir sin.
An bhfuil an téacs róbheag agat?
- Chun an téacs a mhéadú in Windows Explorer 5+, roghnaigh View > Text Size > Larger/Largest
Chun an téacs a mhéadú in Firefox roghnaigh View > Zoom > Zoom In nó brúigh Ctrl++
Láithreáin úsáideacha
Más mian leat níos mó a léamh faoi chúrsaí íisiúlachta ar láithreáin ghréasáin, ceadaigh na láithreáin ghréasáin seo a leanas:
- Treoirlínte maidir le híisiúlacht íbhair Gréasáin www.w3.org
- Treoirlínte an íšdaráis Náisiúnta Míchumais maidir le híisiúlacht TE in Éirinn www.accessit.nda.ie