Téann traidisiún na Coimhdeachta Onóra siar go dtí 18 Meán Fómhair 1931 nuair a fhoráil Rialachán 62 de chuid Óglaigh na hÉireann do Choimhdeacht ar Mhuin Capaill.
Bhí an Choimhdeacht ar Mhuin Capaill ar dualgas os comhair an phobail den chéad uair le linn an 31ú Comhdháil Chorp Chríost i Meitheamh 1932. Tháinig an pearsanra go príomha ón gCór Airtléire agus bhí faoi rialú an Oifigigh a bhí i gceannas na Scoile Eachaíochta.
I Márta 1939, agus na héidí céanna á gcaitheamh acu, eagraíodh aonad nua, An Sluagh, chun dualgais choimhdeachta, i measc seirbhísí eile, a sholáthar. Thug a n-éidí gorma an teideal coiteann “The Blue Hussars” orthu, teideal nach raibh aon seasamh oifigiúil aige.
Arís tháinig formhór na coimhdeachta ón Airtléire Mhachaire mar go raibh an líon ba mhó saighdiúirí ar mhuin capaill ag an aonad sin. Lean an Choimhdeacht ar Mhuin Capaill (Blue Hussars) go dtí 1949 tráth ar ghlac coimhdeacht gluaisrothar ón gCór Marcra a ndualgais.
Ba é an 4ú Mótarscuadrún, a bhí curtha ar stáisiún i nDún Phluincéid i gCampa an Churraigh, a roghnaíodh chun cúramaí na Coimhdeachta Onóra a ghlacadh. I 1955 mar gheall ar lonnú lárnach an aonaid i mBaile ítha Cliath treoraíodh don 2ú Mótarscuadrún, an 2ú Scuadrún Marcra anois, freagracht na Coimhdeachta Onóra a ghlacadh. Rinne an 2ú Mótarscuadrún roinnt Coimhdeachta Leifteanaint go deireanach i 1955 ach bhí an chéad Choimhdeacht (Captaein) Uachtaráin iomlán ann an 1 Bealtaine 1956 don Uachtarán Seán T. Ó Ceallaigh, faoi cheannas an Chaptaein J. Foley.
An 25 Meitheamh 1959 thug an 2ú Mótarscuadrún Éamon de Valera go dtí a insealbhú mar thríú Uachtarán na hÉireann agus bhí siad i láthair ag gach insealbhú ó shin.
I gcaitheamh na mblianta thug an 2ú Scuadrún Marcra coimhdeacht do roinnt mhaith ceannairí idirnáisiúnta mór le rá. I Meitheamh 1961 bhí an tAonad ar dualgas do chuairt an Phrionsa Rainer agus Banphrionsa Grace Mhonacó. Ba chuairt thar a bheith gnóthach a bhí ann don Aonad toisc go raibh dhá chúrsa taistil an-éagsúla ag an bPrionsa agus ag an mBanphrionsa; dá thoradh roinneadh an Choimhdeacht ina dhá leath le freastal ar an mbeirt acu.
50 bliain ina dhiaidh sin chuir an 2ú Scuadrún Marcra aithne in athuair ar an teaghlach ríoga áirithe seo le linn cuairt Phrionsa Albert Mhonacó i mí Aibreáin.
I 1963 tháinig an tUachtarán John F Kennedy ar cuairt ar thír dhúchais a mhuintire. Bhí an tUachtarán chomh tógtha sin le hiompar a choimhdeachta gur chroith sé lámh le gach comhalta ag deireadh na cuairte agus thug biorán carabhait do gach duine acu mar bhuíochas.
Thionlaic an Choimhdeacht Onóra Uachtaráin Reagan agus Clinton na Stát Aontaithe freisin.
Rothair agus Éidí
Is toradh í an éide a chaitheann an choimhdeacht ar ocht mbliana de dhearadh agus d’fhorbairt éide a bheadh oiriúnach do dhualgais Choimhdeachta Onóra.
Tá an éide, a chonacthas go poiblí den chéad uair Lá Fhéile Pádraig 2010, de réir na traidisiún is fearr den Choimhdeacht Onóra, ag teacht leis an éide a chaith na Blue Hussars ach amháin ó thaobh datha de.
íiríonn an éide liostáilte dubh, dearg agus glas an Chóir Mharcra i bhfoirm an láinnéir a chaitear ar an ngualainn dheas. Feictear dathanna an Chóir Mharcra arís ar bhratainní rothair na ranganna liostáilte.
Taispeánann an t-oifigeach atá i gceannas ar an gcoimhdeacht dathanna náisiúnta an duine uasail faoi choimhdeacht agus taispeánann ceannasaí na coimhdeachta agus ceannasaí cúltrúpa cíor an aonaid.
Is é an Honda Deauville 700cc an gluaisrothar coimhdeachta. Thosaigh an choimhdeacht ag baint leasa as an déanamh seo i 2008 agus is é an dara déanamh de Honda Deauville a úsáideadh sa ról seo.