76 mm OTO Melara
Is í an armáil chabhlaigh mheánchalabra Oto Melara 76mm an t-armán is cumhachtaí in armlann na Seirbhísí Cabhlaigh. Tá an 76mm in ann teagmháil ardchruinnis a dhéanamh le targaidí cabhlaigh ar feadh raoin suas le 17km uathu, rud a chinntíonn go mbíonn buntáiste ó thaobh raoin ag an tSeirbhís Chabhlaigh ar gach armáil cabhlaigh gearr-raoin agus gur féidir léi córais armán soghluaiste a láimhseáil. Tá an gunna gírea-chobhsaithe go hiomlán uathoibríoch agus baineann sé úsáid as Córas Rialaithe Lámhaigh RADAMEC. Tá sé in ann teagmháil a dhéanamh le targaidí cabhlaigh, aeir agus targaidí ar chladach. Bíonn sí suite ar árthach den chineál CPV agus LPV.
Staitisticí 76mm OTO Melara |
Cineál Gunna | Cannon |
Tír a Dhéantar | An Iodáil |
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse | 1984 |
Calabra | 76 mm |
Criú | 3 |
Meáchan an tSliogáin | 12.34 kgs |
Ráta Lámhaigh | 85 urchar in aghaidh an nóiméid |
Raon | 18.4 km |
Gunna Mór 20mm Rheinmetall
Is armáil chabhlaigh gearr-raoin ardchruinnis é an Gunna Mór Cabhlaigh Rh-202 20mm Rheinmetall. Tá ardráta lámhaigh aige, suas le 1030 urchar in aghaidh an nóiméid agus bíonn sé an-chruinn. Tá dearadh suiteála speisialta aige ina bhfanann an lámhacóir go ceartingearach le haghaidh gach airde lámhaigh. Baineann an Rheinmetall úsáid as raon leathan lónlámhaigh speisialtóra, rud a fhágann gur armáil thánaisteach chumasach é atá suite ar bord gach long sa tSeirbhís Chabhlaigh, le tacaíocht armán gearr-raon a thabhairt agus cosaint frithaerárthaigh a dhéanamh.
Staitisticí Gunna Mór 20mm Rheinmetall |
Cineál Gunna | Cannon |
Tír a Dhéantar | An Ghearmáin |
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse | 1984 |
Calabra | 20 mm |
Criú | 2 |
Meáchan an tSliogáin | 134 g |
Ráta Lámhaigh | 1000 urchar in aghaidh an nóiméid |
Raon | 2km |
Steyr AUG A1 Muscaed Lingthe
Léigh tuilleadh faoin Steyr AUG Muscaed Lingthe >>
Heckler & Koch USP
Léigh tuilleadh faoin Heckler & Koch USP >>
Innealghunna Trom 12.7mm Browning
Léigh tuilleadh faoin Innealghunna Trom 12.7mm Browning >>
Innealghunna Uilefhóinteach FN MAG
Léigh tuilleadh faoin Innealghunna Uilefhóinteach FN MAG >>