We use cookies to give you the best possible online experience. If you continue, we'll assume you are happy for your web browser to receive all cookies from our website. See our Privacy & Cookie policy statement for more information on cookies and how to manage them.

MAINBANNER 2

Eolais faoin ATOÉ

Cuimsíonn an ATOÉ Campa an Churraigh agus Gleann Ó Máil agus tá limistéir mhóra faoin spéir ann le traenáil a dhéanamh

Is é Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann (ATOÉ) an tIonad Barr Feabhais do gach aonad lóistíochúil, oideachais agus oiliúna de chuid Óglaigh na hÉireann. ÁirÁtear ar aonaid an ATOÉ:

  • Ceanncheathrú Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann
  • An Coláiste Míleata
  • An Grúpa Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais
  • An Grúpa Innealtóirí
  • An Grúpa Ordanáis
  • An Grúpa Póiliní Arm
  • An Grúpa Iompair
  • Díorma den Aonad Lárnach Liachta
  • 1 Complacht Coisithe Meicnithe
  • 1 Scuadrún Marcra Armúrtha
  • Sciathán Fiannóglaigh an Airm

Réimse Freagrachta

Cuimsíonn an ATOÉ Campa an Churraigh agus Gleann Ó Máil agus tá limistéir mhóra faoin spéir ann le traenáil a dhéanamh i ngníomhaíochtaí éagsúla mar raonta lámhaigh agus airtléire, tiomáint trastíre agus ATLF (Ag Troid i Líomatáistí Foirgneamh).

Traenáil

Is é an Coláiste Míleata an príomh-aonad traenála sa champa agus tá na scoileanna seo a leanas faoina cheannas: An Scoil Cheannais agus Foirne, Sciathán Traenála na nOifigeach, Scoil na nDaltaí, Sciathán Traenála na nONC, Sciathán na nArmán Coisithe, Scoil Traenála na Náisiúin Aontaithe, An Scoil Marcra, An Scoil Airtléire, An Scoil Riaracháin Mhíleata agus Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann.

Seo a leanas Scoileanna Traenála eile atá ag feidhmiú sa DFTC:

  • An Scoil Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais
  • An Scoil Innealtóireachta Míleata
  • An Scoil Iompair agus Cothabhála Feithicilí
  • An Scoil Ordanáis
  • Scoil Póilíní an Airm

Tá na scoileanna sin faoi cheannas a gCeannasaithe Grúpa faoi seach.

Mar an tIonad Barr Feabhais do thraenáil in Óglaigh na hÉireann, níl Réimse Oibríochtaí ag an DFTC. Cuireann sé sain-tacaíocht ar fáil d’oibríochtaí thar lear agus d’oibríochtaí ar an oileán seo le Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta agus le Cuidiú leis na Cumhachtaí Sibhialta araon.