Is é ról an Aerchóir faoin Acht Cosanta, a bheith páirteach i slándáil an Stáit trí Aerchosaint Mhíleata a dhéanamh ar aerspás an Stáit. Le linn tréimhsí síochána áfach, is gnách leis an Aerchór na rólanna a chomhlíonadh a shannann an Rialtas dó, trí leas a bhaint as Aerchór díograiseach éifeachtach.
Rólanna Príomha an Aerchóir
Is é ról príomha an Aerchóir, tacú leis an Arm. Bíonn siad seo a leanas i gceist:
- Breathnóireacht agus Taiscéalaíocht
- Tacaíocht Lámhaigh Logánta
- Ceannas agus Rialú
- Tacaíocht Lóistíochta agus Soghluaisteacht Oirbheartaíochta
- Theoranta
- Aslonnú Taismeach
- Tacaíocht don tSeirbhís Chabhlaigh
- Faireachas agus Cosaint Mhuirí
- An tSlándáil Náisiúnta
- An Crios Eacnamaíoch a Fhaire
- Acmhainní Nádúrtha a Chosaint
- Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta
- Aerárthaí Aonad Tacaíochta an Gharda Síochána a chothabháil agus a eitilt
- Oibríochtaí Breathnóireachta Taiscéalaíochta agus Cuardaigh
- Taiscéalaíocht Fhótagrafach
- Pléascáin Thionsclaíocha a Thionlacan
- Príosúnaigh a Thionlacan
- Airgead tirim a Thionlacan
- Oibríochtaí Aerspáis a Chosaint
Rólanna tánaisteacha an Aerchóir
- Áirítear iad seo a leanas i measc Rólanna Tánaisteacha an Aerchóir:
- Cuidiú leis an bPobal Sibhialta
- Cuidiú le Ranna Rialtais
- Cuidiú leis an bPobal Sibhialta
- Athshlánú agus Barrchumhdach don chuardach & tarrtháil
- Aerárthach Othar
- Fóirithint Oileán
- Fóirithint Sneachta
- Cuidiú le Ranna Rialtais
- Seirbhís Aeriompair Airí
- Suirbhéanna ar Thruailliú
- Suirbhéanna Foraoise agus Fiadhúlra
- Aerfótagrafaíocht
- Comhoibriú sa Rialú Aerthráchta Sibhialta
- Cuidiú leis an bhFóirithint i gcás Mórthubaistí
- Léigh a tuilleadh faoi An tAerchór