Skip to main content

Searmanas Coimisiúnaithe Óglaigh na hÉireann

Dé hAoine, an 22 Meithimh, 2018 11:45am - Searmanas Coimisiúnaithe Oifigeach na Seirbhíse Cabhlaigh
naval-commissioning

Freastalóidh an tAire ar a bhfuil freagracht maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe T.D. agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leas-Aimiréal Mark Mellett DSM, ar Shearmanas Coimisiúnaithe Oifigeach de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh sa Bhunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach, Corcaigh, Dé hAoine an 22 Meithimh ag 12pm.

Lá mór, tábhachtach é do chomhaltaí an 56ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh agus a gCoimisiún á mbronnadh orthu. Seo é a luach saothair i ndiaidh dhá bhliain de dhian-traenáil loingseoireachta agus míleata a bheith tugtha chun críche acu.

Thug na haon Dalta dhéag faoi chúrsa thar a bheith deacair, dúshlánach agus fiúntach lena gcuid traenála Oifigigh a thabhairt chun críche. I measc na n-ábhar a ndearna siad staidéar orthu bhí loingseoireacht, mairnéalacht, cinnireacht, cumarsáid, innealtóireacht muirí agus cogaíocht cabhlaigh, agus thug faoi chúrsa staidéir straitéisí in Ollscoil na hÉireann Má Nuad.

Fuair na Daltaí taithí ar an bhfarraige ar fud fhlít na Seirbhíse Cabhlaigh agus chuir siad tús leis an gcéad bhliain de staidéar acadúil do Bhaitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Loingseoireachta i gColáiste Náisiúnta Muirí na hÉireann.


Dáta an Phreasráitis: Dé hAoine, an 22 Meithimh 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach