Skip to main content

An LÉ James Joyce ar OP SOPHIA

Dé hAoine, 06ú Iúil -10.45am -An LÉ James Joyce ag Fágáil le dul ar Mhisean sa Mheánmhuir
Hero-P62_

Fágfaidh Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leas-Aimiréal Mark Mellett DSM, slán le criú an LÉ James Joyce sula dtabharfaidh siad a n-aghaidh ar an Meánmhuir ag 11am Dé hAoine an 6 Iúil 2018. Beidh an LÉ James Joyce ar an dara árthach den Chabhlach a rachaidh chun na Meánmhara mar chuid d'Oibríocht Sophia i mbliana, í ag dul anonn in áit an LÉ Samuel Beckett.

Faoi cheannas an Leifteanant-Cheannasaí Martin Brett tá 57 comhalta d'Óglaigh na hÉireann ag ullmhú an LÉ James Joyce (P62) d'imscaradh fada ó tháinig fógra go mbeadh siad ag dul chun farraige chun cuidiú le misean an AE, Oibríocht Sophia.

Tugtar cuireadh do na meáin a bheith i láthair; beidh deiseanna iontacha ann chun grianghraif a thógáil agus chun daoine a bheidh páirteach a chur faoi agallamh ag an imeacht in Inis Sionnach.

Is í an LÉ James Joyce an tríú árthach de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh atá imscartha faoi Oibríocht Sophia. Imscaradh an LÉ Niamh amach in 2017 agus tá an LÉ Samuel Beckett, a imscaradh ann i mí Márta, ar misean faoi láthair.


Dáta an Phreasráitis: Dé hAoine 06ú Iúil 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach