Skip to main content

Dhá Oibríocht ar Leithligh tugtha fúthu ag Foirne Diúscartha Buamaí an Airm

Dé Luain an 30 Aibreán 2018,- 3.50in - Dhá Oibríocht ar Leithligh tugtha fúthu ag Foirne Diúscartha Buamaí an Airm i mBaile Átha Cliath
EOD_1

Thug Foirne Diúscartha an Airm faoi dhá ghlaoch-amach ar leithligh i mBaile Átha Cliath inniu, i ndiaidh iarratais ón nGarda Síochána.

Bhain an chéad iarratas le substaint amhrasta a thángthas uirthi in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí Foireann Diúscartha Buamaí an Airm ar an láthair ag 11.10am. Scriosadh an substaint in áit shlán ar an láthair agus fógraíodh go raibh an áit slán sábháilte ag 1.30pm. Tugadh sampla den substaint chuig láthair shlán mhíleata lena scrúdú tuilleadh.

Bhain an dara iarratas le Seanphléascáin Tráchtála a dtángthas orthu gar de Shráid an tSirriam. Bhí Foireann Diúscartha Buamaí an Airm ar an láthair ag 2pm chun cúrsaí sábháilteachta i measc an phobail a chinntiú agus dúnadh an limistéar fad a bhí an oibríocht ar bun. Baineadh an dochar as na pléascáin ar an láthair agus tugadh chuig láthair shlán mhíleata iad lena ndiúscairt. Fógraíodh an áit slán sábháilte ag 2.50pm.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar mhuinisean den sórt sin, moltar dóibh fanacht glan orthu agus fios a chur ar an nGarda Síochána.

Déileáil le Foirne Diúscartha Buama Óglaigh na hÉireann cineálacha eile de ghlaoiteoirí a chuimseodh scriosadh coincheap traidisiúnta, mar shampla sean-grenades a d'aimsigh baill den phobal, ceimiceáin éagobhsaí agus feistí a bhfuil drochamhras orthu a fuarthas amach gur gairis bhréige iad.

Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Dé Luain an 30 Aibreán 2018

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort Pat O'Connor

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach