Skip to main content

Traenáil Roimh Imscaradh Thar Lear

Is cuid thábhachtach den seirbhís thar lear í an traenáil a chuireann Óglaigh na hÉireann ar a bpearsanra sula n-ímíonn siad chuig limistéar an mhisin. Déanfaidh gach Briogáid ceannais Cleachtaí Ullmhachta Misin dá cathlán. Tá ról le himirt ag Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe in Éireann (UNTSI) freisin i bpearsanra a ullmhú chun dul ar fónamh thar lear.

Is é cuspóir na traenála réamh-imscartha a dhéanann an chathláin thar lear ná cur lena léibhéal ullmhachta le gur féidir é a imscaradh ar Oibríochtaí Tacaíochta Síochána i limistéar an mhisin.

Sula n-imíonn siad thar lear, caithfidh aonad idir dhá agus trí mhí i mbun traenála réamh-imscartha, ag teacht le Ciorclán Traenála Óglaigh na hÉireann, a leagann amach cén traenáil atá le comhlíonadh agus cathain atá sí le déanamh. Tá an traenáil briste síos ina ceithre chéim ina bhfuil leibhéil éagsúla déine agus freagrachta.

Díríonn Céim 1

ar ullmhúchán an duine aonair agus is é Ceannasaí an Aonaid Bhunaidh atá freagrach aisti. Dírítear ar phróiseáil loighistiúil agus riaracháin mar ullmhúchan do thraenáil chéim 2. Ar na topaicí a chlúdaítear, tá scrúduithe aclaíochta, traenáil armán, riarachán pearsanta agus riarachán loighisticiúil.

Díríonn Céim 2

ar ullmhúchán na gComhlachtaí Thar Lear atá le himscaradh. Dírítear ar scileanna ag léibhéal Comhlachta agus Buíne/Trúpa. Is í an bhriogáid treoraithe atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcéim seo den traenáil, arna comhordú ag Tascfhórsa faoi chathaoirleacht Oifigeach Feidhmiúcháin na Briogáide. Tá seans maith go mbeadh roinnt comhlachtaí ag traenáil ag an am céanna chun forbairt agus snas a chur ar na scileanna a bhíonn ag teastáil d’imscaradh. Bíonn réimse leathan topaicí i gceist sa chéim seo, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta de, Druileanna Héileacaptair, Cumarsáid, Faisnéis, Cúrsaí Liachta agus Léamh Léarscáileanna.

Díríonn Chéim 3

Ar an gCathlán Thar Lear agus tá sí leagtha amach chun cur leis an traenáil i gCéim 2 le súil go dtógfaí Aonad comhtháite a bheidh ábalta a thascanna a chur i gcrích go dtí an caighdeán atá riachtanach dom imscaradh go dtí a thimpeallacht oibríochta. Tá modúil ar scileanna áirithe don mhisean mar chuid den traenáil, a dhéantar a mheas ansin tríd an gCleachtadh Ullmhachta Misin.

Déantar Chéim 4

Fad a bhíonn an cathlán imscartha sa timpeallacht oibríochta agus tá sí dírithe ar thraenáil timpeallachta agus suímh ar an láthair chun cur leis an traenáil roimh ré.

Cleachtaí Ullmhachta Misin

Bord arna thionól ag Príomh Theagascóir na Scoile Coisithe a phleanálann agus a chomhordaíonn an cleachtadh. Tá an bord comhdhéanta d’Oifigeach ón gColáiste Míleata, SSO OPS/INT/TRG an DFTC, ionadaí ón aonad atá le himscaradh agus ionadaí ón mBriogáid Treorach don mhisean. Is é an ról atá acu ná a chinntiú go dtagann an cleachtadh le riachtanais an Chiorcláin Traenála a eisíodh agus a chinntiú go dtagann an t-aonad leis na caighdeáin atá ag teastáil d’imscaradh thar lear. Mar chuid den chleachtadh seo, beidh grúpa ‘aisteoirí’ agus painéal moltóirí a chuirfidh le láimhseáil agus measúnú an chleachtaidh seo.

Mar a chuirtear an Cleachtadh i gcrích

Cleachtadh Ríomhchuidithe

Tá an cleachtadh seo leagtha amach chun measúnú a dhéanamh ar an gCeannasaí Cathláin agus a fhoireann sa Phróiseas Cinnteoireachta Míleata agus chun cabhrú ó thaobh an fhoireann a thabhairt le chéile i ndlúth-thimpeallacht oibre mar a bheidh ann thar lear.

Cleachtaí Traenála Suímh

Is snáitheanna measúnaithe saindírithe iad seo atá leagtha amach chun measúnú a dhéanamh ar gach buíon i scileanna faoi leith a bheidh ag teastáil ar imscaradh, lena n-áirítear Cumarsáid, Liacht, Feasacht ar Mhianaigh, Tarrtháil Feithicile, Druileanna Héileacaptair agus Loingseoireacht. Déanfaidh na teagascóirí ó Scoileanna ábhartha Óglaigh na hÉireann an pearsanra ar fad sna comhlachtaí Inliachta a mheas ar a gcuid inniúlachta sna scileanna seo.

Cathchruachan

Tá an cleachtadh seo leagtha amach chun le go mbeidh cur amach ag na comhaltaí ar chleachtaí lón lamhaigh beo agus na trúpaí a chur ar an eolas maidir le lón lámhaigh beo agus a chuid éifeachtaí.

Lámhach Armáin Tacaíochta

Tá an cleachtadh seo ann chun cleachtadh a thabhairt do chriúnna armán tacaíochta na gCathlán ar fad ar dhruileanna agus ar scileanna a bhaineann leis na harmáin tacaíochta eagsúla atá á imscaradh go dtí an limistéar oibríochta a lámhach.

Cleachtadh Traenála Allamuigh

Tá sé seo leagtha amach chun an Cathlán ag gach léibhéal a mheas in eachtraí sainithe ar an misean a d’fhéadfadh tarlú agus an Cathlán ar imscaradh. Is is na scileanna a mheastear ná ceannaireacht trúpaí agus modh catha, ordú agus rialú, úsáid sócmhainní orgánacha, agus oirbheartaíocht aonaid. Déantar na scileanna seo ar fad a mheas faoi scáth Rún Chomhairle Slándála na NA faoina mbeidh an Cathlán ag feidhmiú, agus béim faoi leith á cur ar na Rialacha Aontaithe Comhraic atá ar fáil do na trúpaí.

Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe in Éirinn

Bunaíodh an scoil mar thoradh ciallmhar ar rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann i ngníomhaíochtaí síochánaíochta agus an méid a chuirimid le hoibríochtaí na Náisiún Aontaithe ach go háirithe. Tá UNSTI dírithe go príomha ar phearsanra Óglaigh na hÉireann a thraenáil agus a ullmhú le bheith rannpháirteach i raon forleathan Oibríochtaí Tacaíochta Síochána (PSO).

Léigh a tuilleadh faoi UNTSI