Skip to main content

Misin san Áise

Údarás Feidhmeannach Sealadach na Náisiún Aontaithe

UNTEA - 21ú Lúnasa 1962 - 4 Deireadh Fómhair 1962

I 1962, rinne forsaí de chuid na hIndinéise ionraidh ar Iarthar Irian (an chuid thiar den Nua-Ghuine) mar thoradh ar dhíospóid leis an ísiltír maidir le riarachán an réigiúin.

Faoi Mhí Lúnasa, bhí trúpaí na hísiltíre agus na hIndinéise ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar fud an limistéir. Thángthas ar chomhaontú chun freagracht as Iarthar Irian a aistriú go dtí an Indinéis. Idir an dá linn, cuireadh UNTEA ann.

I mí Lúnasa, cuireadh beirt oifigeach ón 37ú Cathlán Coisithe a bhí ag fónamh sa Chongó, chuig an misean mar breathnóirí. D'fhóin siad le breathnóirí as an tSualainn, an India, an Bhrasaíl, an Nigéir, agus breathnóirí Siolónacha, ag socrú comhaontuithe áitiúla idir pháirtithe a bhí i gcoimhlint agus ag maoirsiú aisdúichiú na dtrúpaí Indinéiseacha.  An cúige Irian Jaya san Indinéis a thugtar ar an gceantar sa lá atá inniu ann. 

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNTEA-Ribbon
Fad: 21 August 1962 — 4 October 1962
Cineál Oibríochta:Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir) 
Tiomantas:2 Misean Carnach 

Misin Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Phacaistáin/san India

UNIPOM - 23 Meán Fómhair 1965 — 22 Márta 1966

Bunaíodh an misean seo mar chúnamh riaracháin do UNMOGIP nuair a bhris coimhlint amach idir an India agus an Phacastáin feadh na teorann idir an dá thír, ach lasmuigh de limistéar oibríochta UNMOGIP.

Imscaradh an chuid is mó de bhreathnóirí ar feadh na líne scortha lámhaigh a bhí 1,000 míle ar fhad agus bhí an chuid eile lonnaithe i nDeilí Nua.

Chríochnaigh an misin i Márta 1966 nuair a síníodh conradh síochána foirmiúil

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNIPOM-Ribbon
Fad:23 September 1965 — 22 March 1966
Cineál Oibríochta:Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas:14 Misean Carnach

Misean Oifigí Dea-Náisiún Aontaithe na NA san Afganastáin agus sa Phacastáin

UNGOMAP - 25 Aibreán 1988 — 15 Márta 1990

I 1979, sheol an tAontas Sóivéadach níos mó ná 100,000 saighdiúir go dtí an Afganastáin chun tacaíocht a thabhairt don rialtas a bhí ar thaobh na Sóivéidí agus a ghabh an chumhacht chucu féin dhá bhliain roimhe sin. Níor thaitin an réimeas leis na daoine agus bhí an tír i mbun éirí amach armtha. D'ainneoin an neart ó thaobh uimhreacha agus teicneolaíochta a bhí acu, theip ar na Sóivéidí agus ar Arm na hAfganastáine an mujahideen a chur faoi smacht.

Thug na Stáit Aontaithe, go leor tíortha Arbacha agus an tSín tacaíocht thar na bearta don mujahideen. Cuireadh tús le cainteanna síochana i 1982, idir na Stáit Aontaithe, na Sóivéidí, an Afganastáin agus an Phacastáin (áit ar theith na milliúin teifeach, agus a bhí ina ionad dáileacháin ag an mujahideen le haghaidh arm agus trealaimh).

Shínigh na ceithre pháirtí Comhaontú na Ginéive, agus is as sin go bunúsach a tháinig UNGOMAP.  An misean a bhí ag UNGOMAP ná monatóireacht a dhéanamh ar aistarraingt na dtrúpaí Sóivéadacha ón Afganastáin agus é a dheimhniú laistigh de chreat ama comhaontaithe. Is amach as UNTSO, UNDOF agus UNIFIL a tháinig an pearsanra, agus bhí an misean faoi stiúir ionadaí speisialta an Ard-Rúnaí. I ndiaidh aistarraingt na Sóivéidí, ghlac an OSGA(P) cúram an mhisin i Márta 1990.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNGOMAP-Ribbon
Fad:25 Aibreán 1988 — 15 Márta 1990
Cineál Oibríochta:   Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas:8 gcinn de Mhisin Charnacha

Misean Roimh ré Náisiún Aontaithe sa Chambóid

UNAMIC & UNTAC - 16 Samhain 1991 - 15 Samhain 1993

Ag tús na 1990idí, bhí an Chambóid, a breithníodh uair amháin mar “seoid Oirdheisceart na híise”, scriosta ag fiche bliain de chogaíocht, achrann sibhialta, réimis úafais agus dianthreimhsí gorta.  I mí Deireadh Fómhair 1991, le comhoibriú ón gcúig Chomhalta Buan atá ar Chomhairle Slándála na NA, chomh maith le comhaltaí ó Chumann Náisiún na híise Thoir Theas, shínigh na páirtithe coinbhleachta sa tír Comhaontú Síochána Pháras.  Bhí bunú an fhórsa UNTAC, le himscaradh i Márta 1992, mar chuid den chomhaontú sin. Nuair a d’iarr rialtas idirthréimhseach na Cambóide cúnamh ón NA do na ceithre mhí eatramhach, rith an Chomhairle Slándála UNSCR 791, agus mar sin bunaíodh UNAMIC chun cabhrú leis an bpróiseas go dtí go bhfeadfaí UNTAC a imscaradh.

Ba é ról UNTAC cúnamh a thabhairt leis an stát, a raibh drochbhail air, a athshlánú go hiomlán.  Sainordú uileghabhálach a bhí ann, lenar áiríodh gnéithe a bhain le cearta daonna, toghcháin saora agus chothroma a eagrú agus a reáchtáil, socruithe míleata, riarachán sibhialta, dlí agus ord a choimeád, dídeanaithe na Cambóide agus daoine a bhí curtha as a n-áit féin a aisdúichiú agus a athlonnú, agus infrastructúir riachtanacha na Cambóide a athshlanú.  Rinne UNAMIC, ina raibh líon iomlán de 379 saighdiúir ó 22 tír ar fud an domhain na hullmhúcháin fá choinne sin.

Ba é sainordú na coda míleata de UNAMIC an chumarsáid a éascú idir cheanncheathruithe míleata pháirtithe na Cambóide maidir le nithe a bhain leis an sos comhraic a chomhlíonadh; grúpa feasachta mianaigh a bhunú; agus Grúpa Oibre Míleata Measctha, a bheadh comhdhéanta d’oifigeach den chéim Briogáidireghinearál ó gach ceann de na páirtithe coinbhleachta, a bhunú agus a reáchtáil.

Bhain an leifteanantghinearál John Sanderson ón Astráil (Ceannasaí Fórsa UNTAC) Phnom Pen amach an 15 Márta, agus mar sin chuaigh UNAMIC isteach le UNTAC.  Bhain deacracht leis an gcuid den sainordú UNTAC a bhain le socruithe mhíleata de bharr neamh-chomhoibriú an Khmer Rouge. Tháinig feabhas ar chursaí de réir a chéile, áfach, agus tháinig deireadh le rannpháirtíocht na hÉireann sa mhisean i 1993.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNTAC-Ribbon
Fad:16 Samhain 1991 - 15 Samhain 1993
Cineál Oibríochta:Oibríochta Siochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir)
Tiomantas:38 Misean Carnach

Misean na Náisiún Aontaithe i dTíomór Thoir

Irish Troops in East Timor

UNMET/UNTAET - July 1999 — May 2004

I ndiaidh coup d'état sa Phortaingéil, a chuir réimeas sóisialach ar bun, thosaigh an rialtas nua ag tarraingt siar ó chóilíneachtaí Poirtaingéalacha. Ar ceann acu seo, bhí an Tíomór Thoir, lonnaithe ar leath oileán a bhí 265km ar fhad amach ó oileánra na hIndinéise, 450 km soir ó thuaidh ón Astráil. In ionad neamhspleáchas a fháil áfach, rinne an Indinéis, a bhí i gceannas ar an Tíomór Thiar, iarracht Tíomór Thoir a ghlacadh chuici féin.

Ní aithneodh na Náisiún Aontaithe (NA) éilimh na hIndinéise agus i ndiaidh cainteanna ar feadh blianta fada, mhol an Indinéis i 1998 go mbeadh féinriail teoranta ag Tíomór Thoir laistigh den Indinéis. Iarraidh ar na NA reifreann a eagrú agus a chur faoi bhráid mhuintir Thíomór Thoir. Bunaíodh misean UNAMET i Mí Meitheamh chun monatóireacht a dhéanamh ar chinneadh na ndaoine agus é a chur i bhfeidhm.

Sa reifreann a reáchtáladh i Mí Lúnasa, dhiúltaigh muintir Thíomór Thoir amach is amach don fhéinriail laistigh den Indinéis, rud a spreag an míliste a bhí ar son na hIndinéise ollmharú agus scrios mór a dhéanamh. I Meán Fómhair 1999, bhunaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe INTERFET agus i mí Deireadh Fómhair chuaigh buíon de phearsanra ARW agus eilimintí tacaíochta isteach leis an misean.

Tháinig UNTAET in ionad INTERFET tamall gearr ina dhiaidh sin (agus tháinig UNMISET in ionad UNTAET níos faide anonn). Bhí an ARW fós ag soláthar príomh-thiomantas na hÉireann de bhuíon coisithe a bhí ag feidhmiú le Cathlán na Nua-Shéalainne.  Tháinig buíon ón 2 Cathlán Coisithe in ionad na buíne ARW i Meitheamh 2000 agus lean an polasaí seo de bhuíon iomlán ó ceann de chathláin Óglaigh na hÉireann a sholáthar go dtí gur tháinig deireadh le rannpháirtíocht na hÉireann sa mhisean i mBealtaine 2004.

Mionsonraí na hOibríochta
Ribín le haghaidh an BonnUNAMET-Ribbon
Fad:July 1999 — May 2004
Cineál Oibríochta:Oibríochtaí Síochánaíochta faoi cheannas na NA (Breathnóir & trúpaí)
Tiomantas:318 Misean Carnach