Skip to main content

An Chathghrúpa

I mí na Samhna 2006, cheadaigh an Rialtas rannpháirtíocht na hÉireann i ngrúpa cath Nordach an AE faoi stiúir an tSualainn agus chuaigh sé ar fuireachas i mí Eanáir 2008. Bhí rannpháirtíocht EOD / IEDD ag an ranníocaíocht atá beartaithe ag Óglaigh na hÉireann lena slándála féin, mar aon le poist foirne ag ceanncheathrú Oibriúcháin agus Fórsa.

Coincheap

Is éard atá sa An Cath Ghrúpa ná foirm faoi leith d'eilimintí mearfhreagartha de chuid an AE a d'fhéadfadh freagra a thabhairt ar an soláthar tráthúil d’acmhainní riachtanacha a bheadh de dhíth i gcomhair oibríocht mearfhreagartha de chuid an AE.

Sa chomhthéacs seo is éard atá i gceist le An Cath Ghrúpa ná:

  • an íosmhéid maidir le pácáiste fórsa comhtháite atá éifeactach go míleatach, creidiúnach agus atá in ann é a úsaid go gasta.
  • atá in ann oibríochtaí aonair a dhéanamh, nó an chéim thionscantach d'oibríochtaí níos mó a dhéanamh;
  • atá bunaithe ar fhórsa comhairm, de mhéid cathláin agus athneartaithe trí Thacaíocht Comhraic agus trí Eilimintí Tacaíochta Seirbhísí Comhraic;
  • a bheidh bunaithe ar phrionsabal na hilnáisiúntachta agus a mbeidh Náisiún Creata nó comhrialtas ilnáisiúnta de Bhallstáit in ann é a chur ar bun. I gcás ar bith, caithfidh comh-inoibritheacht agus éifeachtacht mhíleata a bheith mar phríomhchritéir aige;
  • caithfear baint a bheith aige le (F) HQ agus le háiseanna oibríochta agus stráitéiseacha réamhshainaitheanta, geall le hardú stráitéiseach agus lóistíocht.

Tréithe

  • Deartha ar mhaithe le raon misean a d'fhéadfadh a bheith ann
  • Comhdhéanamh cineálach de CG = +/- 1500 troops
  • Beidh na sócmhainní & na hacmhainní imscartha uile bainteach leis
  • Inbhuanaitheacht: 30 lá ar dtús, agus is féidir cur leis sin go 120, má dhéantar ath-sholáthar de réir mar is cuí
  • Dlúthchaidreamh idir chroí an CG (an Cathlán Coisithe) agus an (F) HQ; traenáil roimh ré agus comh-inoibritheacht riachtanach

Riachtanais

  • Áirgiúlacht maidir le gach tasc comhaontaithe + ESS ; lánacmhainneacht is fearr maidir le tascanna fhórsaí comhraic i mbainistíocht ghéarchéime, ag tabhairt aird ar a méid teoranta
    D'fhéadaí é a bheith ar iarratas ó na NA nó faoi shainordú na NA
  • Ceantar féideartha: taobh amuigh den AE (d'oibríochtaí fadraoin, b'fhéidir)
  • Comhrith: 2 oibríocht aonair CG
  • Líon ar fuireachas: 2 ar a laghad
  • Ullmhacht: 5 - 10 lá
  • Cumas imscartha ráthaithe
  • Freagracht as Traenáil agus as deimhniúchán ar MS

Soláthar An Cath Ghrúpa

  • Bealaí difriúla chun Pacáiste CG a chur le chéile; d'fhéadfadh an OpCdr a chur in oiriúint
  • Cuirfidh MS an t-am ar fuireachas agus atarlú an phacáiste CG in iúl
  • MS le pacáistí iomlána BG a chur ar fáil, a d'fhéadfadh a bheith difriúil an chéad uair eile a chuirfear ar fáil iad
  • Caithfidh CG a bheith éifeachtach i gcúrsaí míleata agus bunaithe ar phrionsabal na hilnáisiúntachta
  • Comhdháil Chomhordú Cath ghrúpa dhá uair in aghaidh na bliana.