Skip to main content

Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe

UNTSI Page Image

Ó thráth a bunaithe i leith is í Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe (NA) in Éirinn (UNTSI) pointe fócasach iarracht Óglaigh na hÉireann chun réiteach le haghaidh Óibríochtaí Tacaíochta Síochána a chaighdeánú. Tá an méid sin curtha i gcrích tríd an taithí atá faighte ar an réimse is leithne misean síochána ar fud an domhain le caoga bliana anuas. Tá an bunachar eolais atá againn fairsingthe a thuilleadh trí chlár gníomhach idirchaidrimh agus malairte le cuid mhaith institiúidí míleata agus sibhialtacha oideachais agus traenála eile atá bainteach le staidéar a dhéanamh ar Oibríochtaí Tacaíochta Síochána Idirnáisiúnta.

Tá an próiseas idirchaidrimh agus malairte feabhsaithe trí chúrsaí idirnáisiúnta a reáchtáil a thugann mic léinn chun na scoile seo againne as caoga sé thír ó na hilchríocha ar fad. Tá UNTSI mórálach as a gcáil atá tógtha ar thaithí ár gcuid saighdiúirí agus tá súil ag an scoil go bhfanfaidh sí mar ionad barr feabhais chun Foirceadal Tacaíochta Síochána a theagasc.

Fís Straitéiseach

Ba thoradh nádúrtha é bunú na scoile ar rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann i ngníomhaíochtaí coimeádta síochána agus ar ár mbaint le hoibríochtaí na Náisiún Aontaithe go háirithe. Ta príomhfhócas UNTSI ar thraenáil agus ar réiteach pearsanra Óglaigh na hÉireann chun bheith páirteach i réimse leathan Óibríochtaí Tacaíochta Síochána (PSO). Leanfaimid orainn ag forbairt léinn agus caidrimh le comhlachtaí leasmhara eile mar Chomhlachtaí Idirnáisiúnta, Chomhlachtaí agus Gníomhaireachtaí Neamhrialtasacha, An Garda Síochána agus comhlachtaí agus fondúireachtaí acadúla ar mhaithe le foirceadal a mhionchoigeartú chun na gnéithe iltoiseacha a bhaineann le hOibríochtaí Tacaíochta Síochána an lae inniu a chur san áireamh. Cuirfidh sé seo ar chumas na hÉireann pacáistí fórsaí iloilte a réiteach a bheidh ar fáil chun tabhairt faoi mhisin thar speictream ilghnéitheach lena n-áirítear síochánaíocht láidir, oibríochtaí daonnúla, ag tacú le forbairt eacnamaíoch agus ag cur cearta bunúsacha an duine i bhfeidhm.

Príomhghníomhaíochtaí

Déanann UNTSI staidéar ar dhul chun cinn sa tsíochínaíocht de gach chineíl ar mhaithe le foirceadal síochínaíochta a fhorbairt agus chun cúrsaí traeníla agus seimineíir ar shíochínaíocht a reíchtíil ar mhaithe le feidhmiúchín phearsanra Óglaigh na hÉireann thar lear a fheabhsú agus chun cuidiú le traeníil idirníisiúnta na n-oifigeach le haghaidh mhisin choimeídta síochína leis na Níisiúin Aontaithe. Tí sé de chúram ar UNTSI na gníomhaíochtaí seo a leanas a reachtíil:

  • Traenáil roimh Imscaradh agus Ullmhú le haghaidh Aonad agus Breathnóirí Míleata ag baint úsáide as an Ionad Ullmhaithe Misean a cuireadh ar bun le haghaidh na traenála seo go sonrach.
  • Traenáil oifigeach idirnáisiúnta le haghaidh Oibríochtaí Tacaíochta Síochána trí chúrsaí sonracha le haghaidh pearsanra míleata idirnáisiúnta a reáchtáil agus trí sheimineáir idirnáisiúnta a reáchtáil agus páirt a ghlacadh iontu sa bhaile agus thar lear.
  • Foirceadal agus traenáil i leith Oibríochtaí Tacaíochta Síochána (PSO) a fhorbairt trí idirghníomhaíocht le hionaid eile traenála PSO.
  • Staidéar ar dhul chun cinn in Oibríochtaí Tacaíochta Síochána.
  • Idirchaidreamh a bhunú agus a chaomhnú le hIonaid Traenála Síochána eile.
  • Páirt a ghlacadh i bhfoirmiú Polasaí Náisiúnta Síochánaíochta.
  • Traenáil Feasachta ar Shlándáil Phearsanta (PSAT) a reáchtáil i gcomhpháirt le Cúnamh Éireann na Roinne Gnóthaí Eachtracha chun Feasacht ar Shlándáil agus Traenáil ar Thimpeallacht Ghuaiseach (HET) a chur ar fáil le haghaidh oibrithe deonacha NGOanna an tionscnaimh seo. Ta an coincheap seo ceaptha bailiúchán saineolaithe a chruthú i réimsí ilghnéitheacha ar féidir a imscaradh go héasca ar gearrfhógra chuig suíomhanna tubaistí daonnúla.

Cúrsaí Idirnáisiúnta á dTairiscint do 2019

6ú Caidreamh Míleata Sibhialta Idirnáisiúnta - 17ú - 28ú Meitheamh 2019

1ú Cúrsa Idirnáisiúnta Oifigeach Foirne na Náisiún Aontaithe - 4ú - 8ú Samhain 2019

Réamheolaire 2019

Íoslódáil an Réamheolaire (PDF 2Mb)